1/16
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced |
---|
No study sessions yet.
Is annamh a théann lá tharainn nach mbíonn ceannlíne faoi chúrsaí Gaeilge sna meáin, agus tugann na ceannlínte seo le tuiscint go bhfuil todhchaí neamhchinnte i ndán do theanga dhúchais na tíre seo.
Rarely does a day go by without a headline about the Irish language in the media, and these headlines suggest an uncertain future for the native language of this country.
Is í ár dteanga dhúchais í, agus is teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í. Is cuid lárnach dár gcultúr í an Ghaeilge, agus ba chóir dúinn meas a léiriú uirthi. Mar Éireannach mé féin, tá go leor tuairimí agam maidir leis an nGaeilge agus an cultúr Gaelach. Is í croí na hÉireann í ár dteanga dhúchais, agus i mo thuairim féin, ní féidir anam na tíre seo a thuiscint gan meas a bheith agat ar an nGaeilge.
Irish is our native language and an official language of the European Union. It is an essential part of our culture, and we should show it respect. As an Irish person myself, I have many opinions regarding Irish and Gaelic culture. Irish is the heart of Ireland, and in my opinion, one cannot understand the soul of this country without respecting the Irish language.
San aiste seo, déanfaidh mé plé ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach, agus tá súil agam go mbeidh sé ríshoiléir faoi dheireadh na haiste seo cé chomh tábhachtach agus fiúntach is atá siad.
In this essay, I will discuss the Irish language and Gaelic culture, and I hope that by the this essay, it will be clear just how important and valuable they are.
Labhraítí Gaeilge amháin in Éirinn sular tháinig riail na Breataine isteach ag deireadh an dara haois déag. Tháinig meath ollmhór ar an teanga ó shin i leith. Cuireadh na Péindlithe i bhfeidhm, agus cuireadh cosc ar gach a bhain leis an gcultúr Gaelach
Irish was the sole language spoken in Ireland before British rule came in at the end of the 12th century. Since then, the language has suffered a massive decline. The Penal Laws were enforced, and a ban was put on everything associated with Gaelic culture
I ndiaidh an Ghorta Mhóir, tháinig meath suntasach ar líon na gcainteoirí Gaeilge mar gheall ar an eisimirce go tíortha eile. Bhí an tír faoi anáil an Bhéarla, agus bhí ár gcultúr i mbaol dá bharr.
After the Great Famine, the number of Irish speakers dropped significantly due to emigration to other countries.
The country as under control of England, and our culture was in danger as a result.
Bhí an Béarla riachtanach chun fostaíocht a fháil, agus mar sin, cuireadh an Ghaeilge i leataobh. Scaipeadh an Béarla ar fud na tíre mar bhí nasc idir an Béarla agus saibhreas. Ar an lámh eile, bhí baint ag an nGaeilge le bochtanas agus caighdeán íseal maireachtála
English was necessary for employment, so Irish was put aside. English spread throughout the country because there was a link to wealth, while Irish was associated with poverty and a low standard of living.
Má thuigeann tú na dúshláin seo ar fad a cuireadh roimh an nGaeilge thar na céadta bliain, tuigeann tú tábhacht agus fiúntas na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
If you understand all these challenges that was put before Irish over the centuries, you understand its importance and value nowadays.
Ní raibh cead ag ár sinsir an Ghaeilge a labhairt, agus mar sin, ba chóir dúinn ár saoirse a cheiliúradh agus ár dteanga dhúchais a labhairt go hoscailte agus go bródúil. Tugann sí neamhspleáchas agus féiniúlacht do mhuintir na hÉireann. Is cuid lárnach dár gcultúr í an Ghaeilge, agus is fiú go mór í a chothú agus a chaomhnú.
Our ancestors were forbidden from speaking Irish, so, we should celebrate our freedom and speak our native language openly and proudly. It gives the Irish people independence and identity. Irish is a core part of our culture, and it is worth nurturing and preserving.
In ainneoin stair chasta na tíre seo, tá borradh na Gaeilge faoi lán seoil i mo bharúil féin. Is í an Ghaeilge an ghné is tábhachtaí de chultúr na hÉireann, agus tuigeann muintir na tíre é sin. Ní gá ach féachaint ar na coláistí samhraidh atá lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta chun fiúntas na Gaeilge a thuiscint. Bíonn an-éileamh ar chúrsaí samhraidh sna coláistí seo, agus ar ranganna Gaeilge i gcoitinne.
Despite this complex history, the growth of Irish is in full swing in my view. Irish is the most important aspect of Irish culture, and the people of this country understand that. One only has to look at the summer colleges in Gaeltacht areas to see the value of Irish. There is huge demand for these courses, as well as for Irish language classes in general.
Is léir go dtuigeann muintir na hÉireann, idir óg agus aosta, tábhacht agus fiúntas na Gaeilge, agus go bhfuil fonn orthu ár dteanga dhúchais a fhoghlaim agus a úsáid. Beatha teanga í a labhairt, mar a deir an seanfhocal. Tá staid na Gaeilge ag neartú in aghaidh an lae, agus cuireann sé bród orm nuair a chloisim mo theanga dhúchais á labhairt ag daoine ar comhaois liom.
It is clear that the people of Ireland, young and old, understand the importance and value of Irish and desire to learn and use our native language. The life of a language is to speak it, as the old saying goes. The status of Irish is strengthening day by day, and it fills me with pride when I hear my native language spoken by people my own age.
De réir an daonáireamh a rinneadh sa bhliain 2022, tá Gaeilge ag beagnach dhá mhilliún duine in Éirinn, agus labhraíonn 40% den dá mhilliún sin Gaeilge go laethúil. Nach staitisticí dearfacha iad sin! Is léir ó na figiúirí sin nach bhfuil an teanga ag fáil bháis, mar a deirtear go minic.
According to the 2022 census, nearly two million people in Ireland speak Irish, and 40% of those speak it daily. What positive statistics! These figures clearly show that the language is not dying, as is often claimed.
Anuas ar an méid sin, tá sár-obair ar bun ag eagraíochtaí ar nós TG4, Foras na Gaeilge, agus Conradh na Gaeilge chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i sochaí an lae inniu. Cruthaíonn na heagraíochtaí seo, agus eagraíochtaí eile mar iad, fonn dearfach, comhaimseartha den Ghaeilge a léiríonn fiúntas agus tábhacht na teanga.
On top of that, organisations like TG4, Foras na Gaeilge, and Conradh na Gaeilge are doing excellent work to promote Irish and Gaelic culture in today’s society. These organisations create a positive, modern image of Irish that highlights its value and importance.
Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil daoine fiosrach faoinár dteanga álainn agus faoi na nithe cultúrtha a bhaineann léi: an rince Gaelach, an ceol Gaelach, agus na cluichí Gaelacha go príomha. Tugann TG4 agus an Cumann Lúthchleas Gael ardán nua-aimseartha don Ghaeilge trí mheán an spóirt. Craoltar cluichí Gaelacha beo ar TG4 go seachtainiúil, agus bíonn an tráchtaireacht agus an plé ar fad as Gaeilge.
It cannot be denied that people are curious about our beautiful language and the cultural elements associated with it—Irish dancing, traditional music, and Gaelic games, in particular. TG4 and the GAA (Gaelic Athletic Association) provide a modern platform for Irish through sports. Gaelic games are broadcast live on TG4 weekly, with all commentary and discussion in Irish.
Téann sluaite móra daoine chuig na cluichí céanna i bPáirc an Chrócaigh agus i bpáirceanna eile timpeall na tíre gach seachtain freisin. Tá club CLG i ngach baile in Éirinn, agus tá ról lárnach aige sa phobal áitiúil. Imrítear na cluichí Gaelacha i ngach cearn den domhan—in Éirinn, i Londain, i Nua-Eabhrac, agus san Astráil fiú.
Large crowds attend these games in Croke Park and other stadiums around the country every week. Every town in Ireland has a GAA club, and it plays a central role in local communities. Gaelic games are played worldwide—in Ireland, London, New York, and even Australia.
Maidir leis an gceol agus an rince Gaelach, tá cáil agus tóir idirnáisiúnta ar Riverdance, agus tá ceol Gaelach á chasadh i dteach tábhairne Éireannacha ar fud an domhain. Tagann na mílte turasóirí chun na hÉireann gach bliain chun an cultúr Gaelach—nó craic agus ceol mar a thugtar air—a bhlaiseadh.
As for Irish music and dance, Riverdance has gained international fame, and traditional Irish music is played in Irish pubs across the globe. Thousands of tourists come to Ireland every year to experience Gaelic culture—or craic agus ceol (fun and music), as it’s called.
Tá an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach fite fuaite le chéile, agus ní féidir a shéanadh ach go bhfuil siad beo beathach fós—ní in Éirinn amháin, ach ar fud na cruinne. Tá tionchar agus fiúntas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh le brath go soiléir agus go láidir sa lá atá inniu ann.
Irish and Gaelic culture are deeply connected, and it is undeniable that they are alive and well—not just in Ireland, but around the world. The influence and value of Irish and Gaelic culture are clearly and strongly felt today.
Mar fhocal scoir, creidim go mór go bhfuil an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach faoi lán seoil arís i sochaí an lae inniu. Mar Éireannach agus mar Ghaeilgeoir mé féin, tuigim cé chomh fiúntach is atá an Ghaeilge. Seoid luachmhar atá inti, agus tá sé de dhualgas orainn ar fad mar Ghaelaigh meas a léiriú ar ár dteanga álainn dhúchais, agus todhchaí na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh a chaomhnú.
In conclusion, I firmly believe that Irish and Gaelic culture are flourishing once again in today’s society. As an Irish person and an Irish speaker myself, I understand just how valuable Irish is. It is a precious treasure, and it is our duty as Irish people to show respect for our beautiful native language and to safeguard the future of Irish and Gaelic culture.