Dís sample essay - leaving cert Irish

0.0(0)
studied byStudied by 2 people
learnLearn
examPractice Test
spaced repetitionSpaced Repetition
heart puzzleMatch
flashcardsFlashcards
Card Sorting

1/23

flashcard set

Earn XP

Description and Tags

Language

12th

Study Analytics
Name
Mastery
Learn
Test
Matching
Spaced

No study sessions yet.

24 Terms

1
New cards
Intro i
Is gearrscéal é ‘Dís’ ina fhaighimid léiriú cumasach ar phósadh tradisiúnta.
2
New cards
Intro ii
Is iad téama an phósta agus stádas na mban sa tsochaí na príomhthémaí sa ghearrscéal seo agus feicmid iad tríd an gcomhrá idir Bean Sheáin agus Seán.
3
New cards
Intro iii
Sa chomhrá sin, feicimid saol agus meon bhean Sheáin agus is léir nach bhfuil sí róshásta leis an gcineál saoil atá aici.
4
New cards
P1 i
Ar an gcéad dul síos, is léir go bhfuil Bean Sheáin uaigneach ina saol. Is bean tí í agus caitheann sí a cuid ama go léir sa bhaile.
5
New cards
P1 ii
Ba mhaith léi labhairt le Seán agus deir sí leis chun an páipéar a chur síos.
6
New cards
P1 iii
Forbraíonn an t-uaigneas nuair a dhiúltaíonn sé agus deir sí go bhfuil an nuachtán níos tábhachtaí ná í féin.
7
New cards
P1 iv
Is léir nach bhfuil fonn cainte ar Sheán agus b’fhearr leis an nuachtán a léamh tar éis lá ag obair.
8
New cards
P1 v
Ní hionadh é go bhfuil uaigneas ar an mbean seo.
9
New cards
P2 i
Is léir go bhfuil Bean Sheáin míshona ina saol agus feicimid é sin nuair a labhraíonn sí faoin suirbhé.
10
New cards
P2 ii
Insíonn sí do Sheán go bhfuil ceathrú cuid de mhná pósta míshona agus go bhfuil sí ina measc.
11
New cards
P2 iii
Deir sí gur staitistic í ach éiríonn Seán mífhoighneach léi.
12
New cards
P2 iv
Níl Seán sásta mar thug a bhean eolas pearsanta do Bhean an tSuirbhé agus feicimid an teannas atá eatarthu san argóint seo.
13
New cards
P3 i
Níl Bean Sheáin sásta lena saol traidisiúnta freisin agus b’fhearr léi a bheith nua-aimseartha agus neamhspleách.
14
New cards
P3 ii
Feicimid é sin nuair a mhíníonn sí go bhfuil Bean an tSuirbhé ag iompar clainne agus tá sé ar intinn aici a post a dhéanamh le linn a saoire máithreachais.
15
New cards
P3 iii
Ba mhaith léi an post seo a dhéanamh chun airgid a fháil le haghaidh sorn nua.
16
New cards
P3 iv
Míníonn sí go mbeidh sí ábalta a leanbh a thabhairt léi ach níl Seán sásta leis sin ar chóir ar bith agus máslaíonn sé í nuair a deir sé go mbeadh sí ag tincéireacht.
17
New cards
P3 v
Gan dabht, is léir go bhfuil easpa saoirse aici.
18
New cards
P4 i
Mothaíonn Bean Sheáin nach bhfuil aon tábhacht ag baint léi ina caidreamh pósta freisin nuair a thosaíonn sé ag plé an nós a bhí ag na Sínigh nó ag na hIndiaigh mná céile fir mairbh a dhó ina theannta.
19
New cards
P4 ii
Leis an tagairt seo, cuireann sí in iúl dúinn nach bhfuil stádas ag mná cosúil léi seachas a bheith ag tabhairt aire do leanaí agus do na fir agus a bheith ag obair sa teach.
20
New cards
P4 iii
Tugann Seán tacaíocht don noisean seo nuair atá sé ina chodladh ag deireadh an scéil agus í ag caint.
21
New cards
Conclusion i
Feicimid a lán frustrachas agus teannas I mBean Sheáin I rith an scéil freisin.

22
New cards
Conclusion ii
Nuair a cheistíonn Seán í faoina bheith míshona, deir sí nach raibh sí ach ag insint bréige do bhean an tsuirbhé mar bhí an aimsir go dona, tháinig an bille leictreachais agus rinne Seán rud éigin uirthi an lá sin.
23
New cards
Conclusion iii
Chomh maith leis sin, feicimid an frustrachas agus an teannas inti nuair a cheapann sí go raibh Bean an tSuirbhé ag insint bréige di agus nach raibh obair ar fáil di nuair nach bhfuil Seán sásta go mbeadh sí ag dul ag obair.
24
New cards
Conclusion iv
Is léir ón méid thuasluaite go bhfaighimid leargás ar shaol agus ar mheon Bhean Sheáin sa scéal ‘Dís’.