1/5
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced | Call with Kai |
|---|
No analytics yet
Send a link to your students to track their progress

Oíche Shathairn a bhí ann.
Bhí Síle agus a máthair ag féachaint ar an teilifís.
Bhí an Grannchur Náisiúnta ar siúl.
A dó, a sé, a ceathair déag, a naoi déag, fiche trí, agus triocha sé na huimhreaca a roghnaíodh.
D’fhéach mam ar a ticéid agus níor chreid sí a súille.
Bhuaigh sí an chéad duais sa chomórtas.

Rug Síle ar a fón póca.
Tháinig sí ar uimhir a haintín Siobhán.
Scríobh sí téacs chuici.
Dúirt sí léi gur bhuaigh a mam an pota óir sa Chrannchur Náisiúnta.
Dúirt sí go raibh ádh mór uirthi.
Chuir an nuacht áthas ar aintín Siobhán.

Thosaigh mam agus Síle ag caint faoi na rudaí a dhéanfadh siad leis an airgead.
Thabharfaidh siad airgead do Thrócaire.
Cheannódh siad teach mór le linn snámha.
Thabharfadh siad cuairt ar aintín Siobhán i Nua Eabhrac.

An samhradh ina dhiadh sin, thóg Síle agus a mam eitilt go Meiriceá.
Shroic siad aerfort JFK go luath ar maidin.
Bhuail siad le aintín Siobhán sa chríochfort.
Bhí áthas an domhain uirthi iad a fheiceáil tar éis tréimhse fhada.

D’fhill siad ar árasán aintín Siobhán.
Chaith siad an oíche ag caint agus a comhrá.
Ní raibh siad in ann a chreidiúint go raibh an triúr acu le chéile buíochas don ticéadórga sin.
D’ith siad béile bia blasta le chéile agus shocraigh siad plean don saoire.

Thug siad cuairt ar Broadway.
Cheap siad go raibh an áit dochreidte.
Ansin thóg siad turas busoscailte timpeall na cathrach.
Chonaic siad stocmhalartán Nua-Eabhrac agus Láthair naoi a haon déag.
Chuaigh siad ag siopadóireacht i Macy’s.
Lá dá saol a bhí ann.
Bhain Síle agus a mam an taitneamh as a saoire.
Mar a deir an seanfhocal,’bíonn siúlach scéalach’.