1/41
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced | Call with Kai |
|---|
No analytics yet
Send a link to your students to track their progress

Lá Spraoi San Ardchathair
I bpictiúr a haon, feicimid ceathrar daoine san aerfort i mBaile Átha Cliath.
Bhuail teaghlach Mac Suibhne lena gcol ceathrar ón Spáinn.
Bhí Maria ar bís le bheith in Éirinn.
Rinne Aoife plean iontach don lá dár gcion.

Lá Spraoi San Ardchathair
D’éirigh na cailíní go luath agus chuaigh siad go dtí lár na cathrach.
Rinne siad turas Bhaile Átha Cliath.
Chuaigh an bus síos sráid Uí Chonaill.
Cheap Maria go raibh an tsráid go hálainn.

Lá Spraoi San Ardchathair
Chuaigh an turas timpeall na cathrach.
Thug siad cuairt ar coláiste na trionóide.
Chonaic Maria an leabharlann fhada agus an leabhar cheannais.
Cheap sí go raibh an leabharlann fhada dochreidte.

Lá Spraoi San Ardchathair
Lean an turas ar aghaidh ón gColáiste.
Chonaic siad Musaem Pháirc an Chrócaigh, Stáid Aviva agus Gairdín na nAinmhithe.
Thaitin Ard-Eaglais Naomh Pádraig leo.

Lá Spraoi San Ardchathair
Bhíodar stiúghta leis an ocras.
Chuaigh siad go dtí Sráid Grafton.
Fuair siad dinnéar sa bhialann Burke’s, bhí béile blásta acú.

Lá Sparoi San Ardchathair
Ag deireadh an lae, chuaigh siad go dtí Amharclann na Mainistreach.
Cheannaigh siad ticéid ag an deasc ticéid.
Chuir siad a gcóta agus a mála sa seomra na gcótaí.
Thosaigh an seó ag deich chun a hocht.
Is léir go raibh lá spraoi san Ardchathair acu.

Turas Scoile
I bpictiúr a haon, feicimid daltaí meanscoile sa halla scoile.
Bhuail an príomhoide leis na daltaí.
Ba mhian leis na daltaí dul thar lear ar thuras scoile, go dtí Páras nó ag sciáil.
Ach ní raibh an príomhoide sásta de bharr an chostais.
Rinne siad plean iontach do thuras in Éirinn.

Turas Scoile
D’éirigh na daltaí go luath agus chuaigh siad ar an turas ar an mbus.
Rinne siad an turas fada go dtí Campa Eachtraíochta Chonamara.
Cheap siad go raibh an campa go hiontach.

Turas Scoile
An lá dár gcion, rinne na daltaí réimse leathan imeachtaí.
Thosaigh siad an lá cois farraige, bhí siad ag tonnmharcaíocht agus ag cadhcáil.
Sa tráthnóna, bhí siad ag rothaíocht agus ag rith trástíre.

Turas Scoile
Lean an lá ar aghaidh ón gcampa.
Cuireadh na daltaí i bhfoirne.
Rinne siad riandóireacht timpeall na háite.
Thaitin sé go mór leo.

Turas Scoile
Tar éis dinnéir, bhí sos don oiche acu.
Lig na daltaí a scith sa champa.
Bhí cúpla dalta ag canadh agus ag seinm urilisí ceoil.
Bhí cúpla dalta eile ag léamh agus ag caint.
Bhíodar stiúghta leis an ocras arís agus d’ith siad milseáin.

Turas Scoile
Chuaigh na daltaí ar ais go dtí an scoil.
Bhí an príomhoide ann agus chuir sé fáilte rompu.
Bhí briseadh iontach acu, bhí sé níos fearr ná Páras dar le dalta amháin.

Fadhbanna ar Saoire
Feicimid cethrar daoine sa chistin i bpictiúir a haon.
Bhuail an teaghlach le chéile chun saoire a phlé.
Rinne siad plean chun dul go dtí an gníomhaire taistil.
Bhí na deagóirí ar bís.

Fadhbanna ar Saoire
An lá dár gcion, rinne siad an turas go dtí lár na cathrach.
Chuaigh siad go dtí an t-ionad siopadóireachta.
Labhar siad faoi laethanta saoire leis an gníomhaire taistil.
Cheannaigh siad pacáiste saoire i Malaga.

Fadhbanna ar Saoire
Thaisteal an teaghlach go dtí Malaga.
Bhí sceitimíní orthu mar ba mhaith leo radharcanna nua a fheiceáil — bíonn siúlach scéalach mar a deir an seanfhocal.
Chuir an t-ionadaí taistil fáilte rompu agus d’fhág siad an aerfort.

Fadhbanna ar Saoire
Shroic siad an t-óstán agus bhain sé geit astu.
Cheap siad go raibh an seomra trína chéile.
Bhí sé salach agus bhí fearg an domhain orthú.
Chuir siad glaoch ar an iondaí taistil agus rinne siad gearán.

Fadhbanna ar Saoire
Tháinig an t-iondaí go dtí an t-óstán. Bhí brón an domhain air.
Bhí a lán fadhbanna an da bharr stailc agus airgid.
Fuair sé óstán nua don chlann.

Fadhbanna ar Saoire
D’athraigh gach rud nuair a fuair an teaghlach an t-óstán nua.
Bhí na seomraí go hálainn agus bhí na háiseanna ar fheabhas ar ardchaigh déan.
Lig siad a scith in aice leis an linn snámha.
Bhí briseadh iontach acu faoi dheireadh thiar thall.

Ag Campáil Cois Farraige
Mí an Mheithimh a bhí ann agus bhí an ardteisthart.
Feicimid ceathrar daoine i bpictiúr a haon.
Bhuail an teaghlach le chéile chun saoire a phlé.
Bhí plean ag na buachaillí chun dul ag campáil cois trá i Loch Garman.
Thug na tuismitheoirí cead dóibh agus bhí siad ar bís.

Ag Campáil Cois Farraige
An lá dár gcion, rinne siad an turas go dtí an t-ionad campála.
Bhí an aimsir ar fheabhas agus an-grianmhar, an gnáthrud do Loch Garman i ndáiríre.
Chuir siad a bpuball suas.
Cheap siad go raibh cuma compordach air.

Ag Campáil Cois Farraige
Sa tráthnóna, lig na buachaillí a scith ar an trá.
Bhíodar ag baint sult as an aimsir.
Bhí ceann amháin ag léamh agus an ceann eile ag sú gréine.
Go tobann, d’athraigh an aimsir agus thosaigh sé ag stealleadh báistí.

Ag Campáil Cois Farraige
Shroic siad an t-ionad campála chun foscadh a fháil ón bhfearthainn.
Bhí uafás orthu nuair a chonaic siad an puball.
Bhí sé leagthamach ar an talamh.
Bhí siad fluich go craiceann agus agéirí buartha.

Ag Campáil Cois Farraige
Chuir buachaill amháin glaoch ar a nDaid.
Mhínigh sé an scéal iomlán dó.
Chuir sé na buachaillí ar a suamhneas lena phlean.
Bhí aithne aige ar an mbainisteoir san óstán a bhí in aice láimhe don ionad campála.

Ag Campáil Cois Farraige
D’athraigh gach rud arís nuair a fuair na buachaillí seomra san óstán.
Fuair siad béile blásta sa bhialann.
“Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin,” a cheap na buachaillí.
Mar bhí saoire iontach acu faoi dheireadh thiar thall.

Rialacha na Scoile
I bpictiúr a haon, feicimid an Priomhoide ag caint faoi Rialacha na Scoile in Ardscoil an Chnoic.
Tá seacht riail le feiceáil ar an bpostaer, mar shampla:
Tá cosc ar bhulaíocht, alcól agus drugaí, agus ar ghuma agus tobac.
Gnáthrialacha atá ann i ndáiríre.
D’éist na daltaí go cúramach leis an bpríomhoide.

Rialacha na Scoile
Chuaigh na daltaí amach go dtí an clós scoile ag am lóin.
Bhí cúpla dalta ag imirt peile agus bhí daltaí eile ag caint is ag comhrá.
Go tobann, rinne buachaill amháin greamú dáisnéireach agus bhris troid amach.
Thosaigh na cailíní ag caitheamh tobaic i gcuinne an chlóis.

Rialacha na Scoile
Is léir go raibh na daltaí ag briseadh rialacha na scoile.
Chuir múinteoirí stad leis an troid agus an caitheamh tobaic.
Thug siad íde béil na muc is na madraí do na daltaí.
Thagair siad na rialacha agus bhí siad ar buille leo.

Rialacha na Scoile
Chuaigh na daltaí abhaile agus is léir go raibh siad i dtrioblóid mhór.
Fuair a dtuismitheoití glaoch ón scoil.
Bhí cruinniú leis an bpríomhoide éagraithe don mhaidin dár gcion.

Rialacha na Scoile
Bhuail na daltaí agus na tuistí leis an bpríomhoide sa scoil.
D’fhan siad sa seomhra feithimh ar dtús.
Mhínigh an príomhoide cad a tharla agus an pionós a bhí i ndán do na daltaí.

Rialacha na Scoile
Bhí coinneáil tugtha do na daltaí.
Bhí ar na daltaí a bhí ag caitheamh tobaic uair an chloig a dhéanamh.
Bhí dhá uair an chloig le déanamh ag na daltaí a bhí ag troid, afach.
Is fíor an seanfhocail, “Ní thagann ciall roimh anois”.

Na hÚsáid an Cárta Creidmheasa Gan Chead
I bpictiúr a haon, feicimid beirt dhéagóirí.
Choncaic siad go mbeadh ceolchoirm Coldplay ar siúl san Aviva.
Bhí fonn mór orthu chun dul.
Fuair siad cárta creidmheasa a n-athair ón matal.

Na hÚsáid an Cárta Creidmheasa Gan Chead
Chuardaigh siad an suíomh Ticketmaster ar líne.
Chuir siad sonraí an chárta isteach.
D’íoc siad céad euro as dhá thicéad.
Bhí siad lán le háthas.

Na hÚsáid an Cárta Creidmheasa Gan Chead
Tháinig lá na ceolchoirme agus bhí na déagóirí ar bís.
Bhí an aimsir ar fheabhas - bhí an ghrian ag scaoilteadh na gcloch.
Bhí an t-atmaisféar leictreonach.
Nuair a tháinig Coldplay amach ar an stáitse, phleasc gach duine amach ag screadáil.

Na hÚsáid an Cárta Creidmheasa Gan Chead
Ní raibh na tuismitheoirí pioc sásta lena bpáistí.
Rinne siad iarracht leiscéal a chumadh, ach theip orthu.
Bhí siad lán háiféala agus ba thrua leo.

Na hÚsáid an Cárta Creidmheasa Gan Chead
Ní raibh na tuismitheoirí pioc sásta lena bpáistí.
Rinne siad iarracht leiscéal a chumadh, ach theip orthu.
Bhí siad lán háiféala agus ba thrua leo.

Na hÚsáid an Cárta Creidmheasa Gan Chead
Thug na déagóirí go raibh pionós i ndán doibh.
Bhí orthu an teach a ghlanadh ar feadh dhá mhí.
Bhí ceacht foghlamtha acu - ná úsáid an cárta creidmheasa gan chead arís.

Breoite Ar Scoil
I bpictiúr a haon, feicimid triúr deagóirí.
Bhí siad ag damhsa sa chlub oíche.
Bhí an t-atmaisféar leictreonach.
Ag deireadh na hoíche, chuaigh siad go dtí an siopa sceallóg.
D’ith siad sceallóga agus burgair, bhí siad lán le háthas.

Breoite Ar Scoil
Faraor, tháinig an mhaidin agus bhí ar Mháire dul go scoil.
Bhí tinneas uirthí agus mhothaigh sí lag agus traochta.
D’fhan sí sa leaba mar ní raibh fonn uirthi aon rud a dhéanamh.

Breoite Ar Scoil
Rinne Máire iarracht leiscéal a chumah dá máthair ach theip uirthi.
Ní raibh an mháthair pioc sásta lena hiníon.
Bhí Máire bocht lán le háiféala.
Nuair a shiúl sí go dtí an stad an bhus, thosaigh sé ag stealladh báistí.
Bhí Máire tinn agus fluich go craiceann ag dul ar scoil.

Breoite Ar Scoil
D’éirigh cúrsaí níos measa do mháire nuair a shroich sí an scoil.
Rinne sí glan dearmad ar an scrúdú tíreolais i rang an tUasal Ó Sionnaigh.
Bhí a lán strús agus frustrachas ar Mháire.

Breoite Ar Scoil
Fuair sí cead ón tUasal Ó Sionnaigh chun dul amach.
Chuaigh sí go dtí Oifig an Phríomhoide.
Mhínigh sí go raibh pian uafásach boilg aici agus go raibh sí an-lag.
Bhí trua ag an bpríomhoide do Mháire agus chuir sí glaoch ar an dochtúir áitiúil.

Breoite Ar Scoil
Chum Máire scéal breagach dóibh.
Rinne sé diagnóis nimhiú bia mar thoradh.
Seoladh Máire abhaile chun sos leapa a fháil.
D’fhoghlaim Máire ceacht an lá sin - nuair a bhíonn an deoch istigh, bíonn an chiall amuigh.