Sraith Pictiúir

Lá Spraoi san Ardchathair

Pictiúr 1

  • I bpictiúr a haon, feicimid ceathrar daoine san aerfort i mBaile Átha Cliath.

  • Bhuail teaghlach Mac Suibhne lena gcol ceathrar ón Spáinn.

  • Bhí Maria ar bís le bheith in Éirinn.

  • Rinne Aoife plean iontach don lá dár gcion.

Pictiúr 2

  • D’éirigh na cailíní go luath agus chuaigh siad go dtí lár na cathrach.

  • Rinne siad turas Bhaile Átha Cliath.

  • Chuaigh an bus síos sráid Uí Chonaill.

  • Cheap Maria go raibh an tsráid go hálainn.

Pictiúr 3

  • Chuaigh an turas timpeall na cathrach.

  • Thug siad cuairt ar coláiste na trionóide.

  • Chonaic Maria an leabharlann fhada agus an leabhar cheannais.

  • Cheap sí go raibh an leabharlann fhada dochreidte.

Pictiúr 4

  • Lean an turas ar aghaidh ón gColáiste.

  • Chonaic siad Musaem Pháirc an Chrócaigh, Stáid Aviva agus Gairdín na nAinmhithe.

  • Thaitin Ard-Eaglais Naomh Pádraig leo.

Pictiúr 5

  • Bhíodar stiúghta leis an ocras.

  • Chuaigh siad go dtí Sráid Grafton.

  • Fuair siad dinnéar sa bhialann Burke’s, bhí béile blásta acú.

Pictiúr 6

  • Ag deireadh an lae, chuaigh siad go dtí Amharclann na Mainistreach.

  • Cheannaigh siad ticéid ag an deasc ticéid.

  • Chuir siad a gcóta agus a mála sa seomra na gcótaí.

  • Thosaigh an seó ag deich chun a hocht.

  • Is léir go raibh lá spraoi san Ardchathair acu.

Ceisteanna

  • Cá raibh siad i bpictiúr a haon?

  • Cad a rinne siad i bpictiúr a trí?

  • Conas a mhothaigh siad i bpictúir a cúig?

Turas Scoile

Pictiúr 1

  • I bpictiúr a haon, feicimid daltaí meanscoile sa halla scoile.

  • Bhuail an príomhoide leis na daltaí.

  • Ba mhian leis na daltaí dul thar lear ar thuras scoile, go dtí Páras nó ag sciáil.

  • Ach ní raibh an príomhoide sásta de bharr an chostais.

  • Rinne siad plean iontach do thuras in Éirinn.

Pictiúr 2

  • D’éirigh na daltaí go luath agus chuaigh siad ar an turas ar an mbus.

  • Rinne siad an turas fada go dtí Campa Eachtraíochta Chonamara.

  • Cheap siad go raibh an campa go hiontach.

Pictiúr 3

  • An lá dár gcion, rinne na daltaí réimse leathan imeachtaí.

  • Thosaigh siad an lá cois farraige, bhí siad ag tonnmharcaíocht agus ag cadhcáil.

  • Sa tráthnóna, bhí siad ag rothaíocht agus ag rith trástíre.

Pictiúr 4

  • Lean an lá ar aghaidh ón gcampa.

  • Cuireadh na daltaí i bhfoirne.

  • Rinne siad riandóireacht timpeall na háite.

  • Thaitin sé go mór leo.

Pictiúr 5

  • Tar éis dinnéir, bhí sos don oiche acu.

  • Lig na daltaí a scith sa champa.

  • Bhí cúpla dalta ag canadh agus ag seinm urilisí ceoil.

  • Bhí cúpla dalta eile ag léamh agus ag caint.

  • Bhíodar stiúghta leis an ocras arís agus d’ith siad milseáin.

Pictiúr 6

  • Chuaigh na daltaí ar ais go dtí an scoil.

  • Bhí an príomhoide ann agus chuir sé fáilte rompu.

  • Bhí briseadh iontach acu, bhí sé níos fearr ná Páras dar le dalta amháin.

Ceisteanna

  • Cá raibh siad i bpictiúr a haon?

  • Cad a rinne siad i bpictiúr a trí?

  • Conas a mhothaigh siad i bpictúir a sé?

Fadhbanna ar Saoire

Pictiúr 1

  • I bpictiúir a haon, feicimid cethrar daoine sa chistin.

  • Bhuail an teaghlach le chéile chun saoire a phlé.

  • Rinne siad plean chun dul go dtí an gníomhaire taistil.

  • Bhí na deagóirí ar bís.

Pictiúr 2

  • An lá dár gcion, rinne siad an turas go dtí lár na cathrach.

  • Chuaigh siad go dtí an t-ionad siopadóireachta.

  • Labhair siad faoi laethanta saoire leis an gníomhaire taistil.

  • Cheannaigh siad pacáiste saoire i Malaga.

Pictiúr 3

  • Thaisteal an teaghlach go dtí Malaga.

  • Bhí sceitimíní orthu mar ba mhaith leo radharcanna nua a fheiceáil — bíonn siúlach scéalach mar a deir an seanfhocal.

  • Chuir an t-ionadaí taistil fáilte rompu agus d’fhág siad an aerfort.

Pictiúr 4

  • Shroic siad an t-óstán agus bhain sé geit astu.

  • Cheap siad go raibh an seomra trína chéile.

  • Bhí sé salach agus bhí fearg an domhain orthú.

  • Chuir siad glaoch ar an iondaí taisitl agus rinne siad gearán.

Pictiúr 5

  • Tháinig an t-iondaí go dtí an t-óstán. Bhí brón an domhain air.

  • Bhí a lán fadhbanna an da bharr stail agus airgid.

  • Fuair sé óstán nua don chlann.

Pictiúr 6

  • D’athraigh gach rud nuair a fuair an teaghlach an t-óstán nua.

  • Bhí na seomraí go hálainn agus bhí na háiseanna ar fheabhas ar ardchaigh déan.

  • Lig siad a scith in aice leis an linn snámha.

  • Bhí briseadh iontach acu faoi dheireadh thiar thall.

Ceisteanna

  • Cá raibh siad i bpictiúr a haon?

  • Cad a rinne siad i bpictiúr a dó?

  • Conas a mhothaigh siad i bpictúir a ceathair?

Ag Campáil Cois Farraige

Pictiúr 1

  • Mí an Mheithimh a bhí ann agus bhí an ardteist thart.

  • Bhí plean ag na buachaillí chun dul ag campáil cois trá i Loch Garman.

  • Thug na tuismitheoirí cead dóibh agus bhí siad ar bís.

Pictiúr 2

  • An lá dár gcion, rinne siad an turas go dtí an t-ionad campála.

  • Bhí an aimsir ar fheabhas agus an-grianmhar, an gnáthrud do Loch Garman i ndáiríre.

  • Chuir siad a bpuball suas.

  • Cheap siad go raibh cuma compordach air.

Pictiúr 3

  • Sa tráthnóna, lig na buachaillí a scith ar an trá.

  • Bhíodar ag baint sult as an aimsir.

  • Bhí ceann amháin ag léamh agus an ceann eile ag sú gréine.

  • Go tobann, d’athraigh an aimsir agus thosaigh sé ag stealleadh báistí.

Pictiúr 4

  • Shroic siad an t-ionad campála chun foscadh a fháil ón bhfearthainn.

  • Bhí uafás orthu nuair a chonaic siad an puball.

  • Bhí sé leagthamach ar an talamh.

  • Bhí siad fluich go craiceann agus ag éirí buartha.

Pictiúr 5

  • Chuir buachaill amháin glaoch ar a nDaid.

  • Mhínigh sé an scéal iomlán dó.

  • Chuir sé na buachaillí ar a suamhneas lena phlean.

  • Bhí aithne aige ar an mbainisteoir san óstán a bhí in aice láimhe don ionad campála.

Pictiúr 6

  • D’athraigh gach rud arís nuair a fuair na buachaillí seomra san óstán.

  • Fuair siad béile blásta sa bhialann.

  • “Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin,” a cheap na buachaillí.

  • Mar bhí saoire iontach acu faoi dheireadh thiar thall.

Ceisteanna

  • Cad a tharla i bpictiúr a dó?

  • Cá raibh siad i bpictiúr a cúig?

  • Cad a rinne siad i bpictiúr a sé?

Rialacha na Scoile

Pictiúr 1

  • I bpictiúr a haon, feicimid an Priomhoide ag caint faoi Rialacha na Scoile in Ardscoil an Chnoic.

  • Tá seacht riail le feiceáil ar an bpostaer, mar shampla:
    Tá cosc ar bhulaíocht, alcól agus drugaí, agus ar ghuma agus tobac.

  • Gnáthrialacha atá ann i ndáiríre.

  • D’éist na daltaí go cúramach leis an bpríomhoide.

Pictiúr 2

  • Chuaigh na daltaí amach go dtí an clós scoile ag am lóin.

  • Bhí cúpla dalta ag imirt peile agus bhí daltaí eile ag caint is ag comhrá.

  • Go tobann, rinne buachaill amháin greamú dáisnéireach agus bhris troid amach.

  • Thosaigh na cailíní ag caitheamh tobaic i gcuinne an chlóis.

Pictiúr 3

  • Is léir go raibh na daltaí ag briseadh rialacha na scoile.

  • Chuir múinteoirí stad leis an troid agus an caitheamh tobaic.

  • Thug siad íde béil na muc is na madraí do na daltaí.

  • Thagair siad na rialacha agus bhí siad ar buille leo.

Pictiúr 4

  • Chuaigh na daltaí abhaile agus is léir go raibh siad i dtrioblóid mhór.

  • Fuair a dtuismitheoití glaoch ón scoil.

  • Bhí cruinniú leis an bpríomhoide éagraithe don mhaidin dár gcion.

Pictiúr 5

  • Bhuail na daltaí agus na tuistí leis an bpríomhoide sa scoil.

  • D’fhan siad sa seomhra feithimh ar dtús.

  • Mhínigh an príomhoide cad a tharla agus an pionós a bhí i ndán do na daltaí.

Pictiúr 6

  • Bhí coinneáil tugtha do na daltaí.

  • Bhí ar na daltaí a bhí ag caitheamh tobaic uair an chloig a dhéanamh.

  • Bhí dhá uair an chloig le déanamh ag na daltaí a bhí ag troid, afach.

  • Is fíor an seanfhocail, “Ní thagann ciall roimh aois”.

Ceisteanna

  • Cad a tharla i bpictiúr a dó?

  • Cá raibh siad i bpictiúr a cúig?

  • Cad a rinne siad i bpictiúr a sé?

Na hÚsáid an Cárta Creidmheasa Gan Chead

Pictiúr 1

  • I bpictiúr a haon, feicimid beirt dhéagóirí.

  • Choncaic siad go mbeadh ceolchoirm Coldplay ar siúl san Aviva.

  • Bhí fonn mór orthu chun dul.

  • Fuair siad cárta creidmheasa a n-athair ón matal.

Pictiúr 2

  • Chuardaigh siad an suíomh Ticketmaster ar líne.

  • Chuir siad sonraí an chárta isteach.

  • D’íoc siad céad euro as dhá thicéad.

  • Bhí siad lán le háthas.

Pictiúr 3

  • Tháinig lá na ceolchoirme agus bhí na déagóirí ar bís.

  • Bhí an aimsir ar fheabhas - bhí an ghrian ag scaoilteadh na gcloch.

  • Bhí an t-atmaisféar leictreonach.

  • Nuair a tháinig Coldplay amach ar an stáitse, phleasc gach duine amach ag screadáil.

Pictiúr 4

  • Faraor, tháinig lá na mbillí.

  • Fuair athair na ndéagóirí an bille Visa sa phost.

  • Bhí ionadh agus fearg an domhain air mar bhí costas na dticéad ar an mbille.

Pictiúr 5

  • Ní raibh na tuismitheoirí pioc sásta lena bpáistí.

  • Rinne siad iarracht leiscéal a chumadh, ach theip orthu.

  • Bhí siad lán háiféala agus ba thrua leo.

Pictiúr 6

  • Thug na déagóirí go raibh pionós i ndán doibh.

  • Bhí orthu an teach a ghlanadh ar feadh dhá mhí.

  • Bhí ceacht foghlamtha acu - ná úsáid an cárta creidmheasa gan chead arís.

Ceisteanna

  • Cad a tharla i bpictiúr a dó?

  • Cá raibh siad i bpictiúr a trí?

  • Cad a rinne siad i bpictiúr a sé?

Breoite Ar Scoil

Pictiúr 1

  • I bpictiúr a haon, feicimid triúr deagóirí.

  • Bhí siad ag damhsa sa chlub oíche.

  • Bhí an t-atmaisféar leictreonach.

  • Ag deireadh na hoíche, chuaigh siad go dtí an siopa sceallóg.

  • D’ith siad sceallóga agus burgair, bhí siad lán le háthas.

Pictiúr 2

  • Faraor, tháinig an mhaidin agus bhí ar Mháire dul go scoil.

  • Bhí tinneas uirthí agus mhothaigh sí lag agus traochta.

  • D’fhan sí sa leaba mar ní raibh fonn uirthi aon rud a dhéanamh.

Pictiúr 3

  • Rinne Máire iarracht leiscéal a chumadh dá máthair ach theip uirthi.

  • Ní raibh an mháthair pioc sásta lena hiníon.

  • Bhí Máire bocht lán le háiféala.

  • Nuair a shiúl sí go dtí an stad an bhus, thosaigh sé ag stealladh báistí.

  • Bhí Máire tinn agus fluich go craiceann ag dul ar scoil.

Pictiúr 4

  • D’éirigh cúrsaí níos measa do mháire nuair a shroich sí an scoil.

  • Rinne sí glan dearmad ar an scrúdú tíreolais i rang an tUasal Ó Sionnaigh.

  • Bhí a lán strús agus frustrachas ar Mháire.

Pictiúr 5

  • Fuair sí cead ón tUasal Ó Sionnaigh chun dul amach.

  • Chuaigh sí go dtí Oifig an Phríomhoide.

  • Mhínigh sí go raibh pian uafásach boilg aici agus go raibh sí an-lag.

  • Bhí trua ag an bpríomhoide do Mháire agus chuir sí glaoch ar an dochtúir áitiúil.

Pictiúr 6

  • Chum Máire scéal breagach dóibh.

  • Rinne sé diagnóis nimhiú bia mar thoradh.

  • Seoladh Máire abhaile chun sos leapa a fháil.

  • D’fhoghlaim Máire ceacht an lá sin - nuair a bhíonn an deoch istigh, bíonn an chiall amuigh.

Ceisteanna

  • Cad a rinne Máire i bpictiúr a haon?

  • Cá raibh a máthair i bpictiúr a trí?

  • Cad a tharla i bpictiúr a sé?

Teip sa Scrúdú Tiomána

Pictiúr 1

  • I bpictiúr a haon, feicimid Liam agus a athair.

  • Bhí siad ag an t-ionad Tástála.

  • Bhí Liam ar tú a scrúdú tiomána a dhéanamh.

  • Bhí sé an-neirbhíseach.

  • Ghuígh a athair ádh air agus d’fhág sé.

    Pictiúr 2

  • Bhuail Liam leis an scrúdaitheoir.

  • Chuir an scrúidathor cúpla ceist ar Liam ar dtús.

  • Chuaigh siad isteach sa charr agus chuir siad tús leis an scrúdú.

  • Is léir go raibh Liam an-neirbhíseach fós.

Pictiúr 3

  • Shocraigh Liam síos nuair a thosaigh sé ag tiomáint.

  • Bhí ag éirí go maith leis.

  • D’athraigh gach rud nuair a chonaic sé a chairde.

  • Chroith sé a lámh chucu.

Pictiúr 4

  • Bhí an scrúdaitheoir crósta le Liam.

  • Ní raibh Liam dírithe ar an mbóthar.

  • Go tobann, bhuail sé an carr a bhí os comhair dó.

  • Bhí Liam i dtrioblóid mhór.

Pictiúr 5

  • Bhí an tiománaí eile ar buile agus chuir sé glaoch ar na Gardaí.

  • Mhínigh an scrúdaitheoir an scéal den Gharda.

  • Bhí díoma agus náire an domhain ar Liam.

  • Bhí sé lán le háiféala.

Pictiúr 6

  • Chuaigh siad ar ais go dtí an t-ionad Tástála.

  • Thiomáin an scrúdaitheoir an carr is docha.

  • Theip ar Liam ach fuair sé seans eile.

  • Mhol an scrúdaitheoir cleachtadh breise do Liam agus a bheith níos curamaí.

Ceisteanna

  • Cad a rinne Máire i bpictiúr a haon?

  • Cá raibh a máthair i bpictiúr a trí?

  • Cad a tharla i bpictiúr a sé?