1/32
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced | Call with Kai |
|---|
No analytics yet
Send a link to your students to track their progress
In the case of this country, it is our music, our language, our games and our history that are our distinctive heritage.
I gcás na tíre seo, is iad ár gceol, ár dteanga, ár gcluichí agus ár stair ár n-oidhreacht shainiúil.
While it may sometimes seem that one or two aspects of it are endangered, the majority of Irish people hold our heritage in high esteem and we do not want any aspect of it to end.
Cé go mbíonn an chuma ar an scéal uaireanta go mbíonn gné nó dhó di i mbaol, tá ardmheas ag tromlach na ngael ar ár n-oidhreacht agus níor mhaith linn go dtiocfadh deireadh le haon ghné di.
Our heritage was in danger for hundreds of years.
Bhí ár n-oidhreacht i mbaol leis na céadta bliain.
When the English were in power, attempts were made to suppress our native language, Irish.
Nuair a bhí na Sasanaigh i réim, rinneadh iarrachtaí ár dteanga dhúchais, an Ghaeilge, a chur faoi chois.
Due to policies and the Great Famine, Irish became obsolete in most of the country.
Mar gheall ar pholasaithe agus ar an nGorta Mór, chuaigh an Ghaeilge i léig sa chuid is mó den tír.
Many Irish speakers in the Gaeltacht died, or emigrated, and the decline of the Irish language has continued ever since then.
Fuair a lán cainteoirí Gaeilge sna Gaeltachtaí bás nó chuaigh siad ar imirce agus tá meath na Gaeilge sna Gaeltachtaí ag leanúint ar aghaidh ó shin.
Irish is under pressure from English and many people with a love for Irish are worried that the language is on it's last day.
Tá an Ghaeilge faoi bhrú ag an mBéarla agus tá daoine a bhfuil grá acu don Ghaeilge buartha go bhfuil an teanga ar an dé deiridh.
As the proverb says, 'Country without language, country without soul,' and there is no doubt about it that we would lose something valuable and important if Irish ceased to be a spoken language.
Mar a deir an seanfhocal, 'Tír gan teanga, tír gan anam' agus níl aon dabht faoi ach go mbeadh rud éigin luachmar agus tábhachtach caillte againn dá mbeadh deireadh leis an Ghaeilge mar theanga labhartha.
Many organisations and different groups are making their best effort to preserve the language.
Tá lán eagraíochtaí agus grúpaí éagsúla ag déanamh a seacht ndícheall chun an teanga a chaomhnú.
Conradh na Gaeilge was founded in the year 1893 and it's aim was to preserve Irish as the national language of Ireland.
Bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga náisiúnta na hÉireann.
Conradh na Gaeilge is still alive and well and they offer Irish classes to everyone, new Irish included.
Tá Conradh na Gaeilge beo beathach fós agus cuireann siad ranganna Gaeilge ar fáil do chách, na nua-Éireannaigh ina measc.
The league understand too well that it is important that rights and help are available to Irish speakers, in Gaeltachts and outside of them, and to parents who want to raise their children through Irish.
Tuigeann an Conradh go rómhaith go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil cearta agus cabhair ar fáil do chainteoirí Gaeilge, sna Gaeltachtaí agus taobh amuigh díobh, agus do thuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil trí mhéan na Gaeilge.
Another group that is doing its best for the Irish language is Coláiste Lurgan in Connemara and the band Seo Linn which originated from the college
Dream eile atá ag déanamh a dhíchill ar son na Gaeilge ná Coláiste Lurgan i gConamara agus an banna ceoil Seo Linn a d'eascair as an gcoláiste.
For many years it has been the custom for many Irish colleges to translate an English song to Irish and it's a lot of fun.
Le blianta fada tá sé de nós ag cuid de na coláistí Gaeilge amhráin Bhéarla a aistriú go Gaeilge agus is mór an spraoi é.
It is a very effective way to learn Irish.
Is bealach an-éifeachtach é chun an Ghaeilge a fhoghlaim.
It is a big achievement for the colleges as they show that there is a place for Irish in pop culture today.
Tá éacht déanta ag an gcoláistí mar taispeánann siad go bhfuil áit ann don Ghaeilge i bpopchultúr an lae inniu.
Irish traditional music is famous around the whole world.
Tá cáil ar cheol traidisiúnta na hÉireann timpeall an domhain ar fad.
This country's music is heard in America, on the continent of Europe and in Australia - to tell the truth, anywhere there are Irish people living, as we love to play our music wherever we are.
Cloistear ceol na tíre seo i Meiriceá, ar mhór-roinn na hEorpa agus san Astráil - leis an fhírinne a rá, in áit ar bíth ina mbíonn Éireannaigh ina gcónaí, mar is aoibhinn linn ár gceol a sheinm pé áit a mbímid.
Comhaltas Ceoltóirí Éireann is reponsible for preserving and promoting worldwide Irish music, songs and dance.
Is é Comhaltas Ceoltóirí Éireanna atá freagrach as ceol, amhráin agus rincí na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn i gcéin is i gcóngar.
A group of pipers founded Comhaltas Ceoltóirí Éireann in 1951 as they were worried that traditional music was declining.
Bhunaigh grúpa píobairí Comhaltas Ceoltóirí Éireann i 1951 mar bhí siad buartha go raibh an ceol traidisiúnta ag dul i léig.
Passing on Irish culture to the next generation, that is what Comhaltas is all about.
An cultúr Gaelach a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile, sin atá idir lámha ag an gComhaltas.
The Comhaltas organise Fléa Cheoil na hÉireann every year - a week in which there is music, singing and dancing.
Eagraíonn an Comhaltas Fleá Cheoil na hÉireann gach bliain - seachtain ina mbíonn ceol, amhránaíocht, agus rince ar siúl.
Everyone who is a member of the Comhalatas and people who have an interest in Irish music and culture really look forward to this week every year.
Bíonn gach duine atá ina bhall den gComhalatas agus daoine ar suim leo an ceol agus an cultúr Gaelach ag súil go mór leis an tseachtain seo gach bliain.
The biggest sport organisation in the country, Cumann Lúthchleas Gael, was founded in the year 1884.
Bunaíodh an eagraíocht spóirt is mó sa tír, Cumann Lúthchleas Gael, sa bhliain 1884.
Before it was founded, traditional games, such as football, hurling and handball, were declining and, when they were played, every team had different rules.
Sular bunaíodh é, bhí cluichí traidisiúnta, cosúil le peil, iomáint agus liathróid láimhe ag dul i léig agus, má bhí siad á n-imirt, bhí rialacha difriúla ag na foirne ar fad.
The GAA fosters friendliness, love of place, community pride, sport skills and loyalty to the county in its members.
Cothaíonn an CLG cairdeas, grá áite, mórtas pobail, scileanna spóirt agus dílseacht don chontae i measc na mball.
Although one of the most professional sports organizations in the country, most of its success depends on volunteering.
Cé gur ceann de na heagraíochtaí spóirt is gairmiúla sa tír é, braitheann an chuid is mó dá chuid rathúlachta ar obair dheonach.
Parents are often the coaches because they feel that they themselves benefited and enjoyed the GAA when they were young and they want to repay the help they received now and encourage their own children.
Is iad na tuismitheoirí na traenálaithe go minic mar mothaíonn siad gur bhain siad féin tairbhe agus taitneamh as an CLG nuair a bhí siad féin óg agus ba mhaith leo an cúnamh a fuair siad a chúiteamh anois agus a bpáistí féin a spreagadh.
GAA clubs can be found all over the world wherever the Irish settle.
Tá clubanna de chuid an CLG le fáil timpeall an domhain in aon áit ina gcuireann na Gaeil fúthu.
Sometimes, when the emigrants abroad are lonely, it is the GAA and the friendship that comes from it that helps the emigrants when they are far from home.
Uaireanta, agus uaigneas ar na deoraithe thar lear, is é an CLG agus an cairdeas a eascraíonn uaidh an rud a chabhraíonn leis na heisimircigh agus iad i bhfad ó bhaile.
While sport is a hobby for most members of the club, for those who play for their county it is much more important than that!
Cé gur caitheamh aimsire é an spórt don chuid is mó de bhaill an chumainn, dóibh siúd a imríonn dá gcontae tá sé i bhfad níos tábhachtaí ná sin!
The All - Ireland Championship is played in a variety of sports each year in Croke Park with over 80000 people attending the championships and tickets in high demand.
Imrítear Craobh na hÉireann sna spóirt éagsúla gach bliain i bPáirc an Chrócaigh agus freastalaíonn breis is 80000 duine ar na craobhacha agus bíonn éileamh mór ar na ticéid.
The finals appear on television and the Internet, allowing hundreds of thousands to watch this important part of our heritage and culture.
Bíonn na craobhacha le feiceáil ar an teilifís agus ar an Idirlíon, rud a chiallaíonn go mbíonn na céadta míle ag breathnú ar an gcuid thábhachtach seo dár n-oidhreacht agus dár gcultúr.