1/5
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced | Call with Kai |
|---|
No analytics yet
Send a link to your students to track their progress

Pictiuír 1
Eagraíodh grúpa traidisiúnta i gColáiste Phádraig.
Ba iad Máirtín, Deirdre, Aoife agus Seán a bhí sa ghrúpa.
Bhíodh siad ag cleachtadh ag am lóin agus tar éis scoile gach Luan agus Céadaoin.
Bhain siad an-taitneamh as na seisiúin seo.

Pictiúir 2
Ba cheoltóirí den chéad scoth an ceathrar acu.
Sheinn Deirdre agus Seán an fhidil, bhí Aoife ar an bhfeadóg stáin agus Máirtín ar an bhfeadóg mhór
Bhí an Máistir Ó Riain faoi dhraíocht ag an gceol a bhí acu.
Bhí siad ar scoil go dtí a cúig a chlog.

Pictiúir 3
Bhí orthu port nua a fhoghlaim agus a chleachtadh gach seachtain.
Obair chrua a bhí ann agus bhí go leor ama i gceist.
Bhí Deirdre tuirseach, traochta, tnáite an oíche sin ach lean sí uirthi leis an gcleachtadh.
Cleachtadh a dhéanann máistreacht,” a dúirt sí léi féin.

Pictiúir 4
Chuir siad isteach ar fhleadh cheoil an chontae
Bhí ceithre ghrúpa thraidisiúnta in iomaíocht lena chéile.
Luaigh an moltóir go raibh siad go léir ar fheabhas agus go raibh obair mhór déanta acu.
Creid é nó ná creid, bhí an bua ag Coláiste Phádraig!
D’éirigh leo ag Fleadh Cheoil an Chúige ina dhiaidh sin.

Pictiúir 5
Chuaigh siad go Fleadh Cheoil na hÉireann i Leitir Ceanainn.
Bhí an áit dubh le daoine.
Bhí an iomaíocht an-ghéar.
Bhí sceitimíní ar na scoláirí.
Thug siad an lá leo.
Sheinn siad ag ceolchoirm na mbuaiteoirí an oíche sin ag a hocht a chlog.

Pictiúir 6
Bhí ceiliúradh mór dóibh i gColáiste Phádraig.
Sheinn siad an oíche sin do mhúinteoirí, tuismitheoirí agus pobal na scoile.
Dúradh gur bhua stairiúil a bhí ann agus tugadh moladh mór don ghrúpa.
Ghabh an príomhoide buíochas le gach duine a thug lámh chúnta dóibh.