1/5
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced |
|---|
No study sessions yet.

Picture 1
• Dé hAoine a bhí ann agus tar éis scoile, shiúil Rúan agus Nuala díreach abhaile
• Shroich siad an teach agus chuaigh siad isteach sa chistin
• Bhí sceitimíní áthais orthu gan aon agó mar ní raibh aon obairbhaile acu
• Le linn dinnéir bhí comhrá deas acu le Mamaí agus Daidí
• Ba mhaith leo dul ar laethanta saoire
• Thosaigh siad ag caint faoi áiteanna difriúla mar dhea
• Chuaigh siad ar líne agus d'fhéach siad Ar óstáin deasa

Picture 2
• Ar an Satharn, chuaigh an chlann isteach sa bhaile mór gan mhoill
• Isteach leo go dtí an gníomhaire taistil
• Bhí an bhean ag an deasc cairdiúil agus cainteach, mise ag rá leat
• Thug sí a lán cabhrach don chlann
• Roghnaigh siad óstán álainn den scoth i Malaga
• Bhí gach uile duine lán sásta leis an bplean
• Bhí siad ag tnúth go mór leis an laethanta saoire sa Spáinn

Picture 3
• Tháinig an lá mór gan mhoill
• Léim siad ar eitleán le sceitimíní áthais orthu agus as go brách leo
• Bhí an turas fada ach compordach buíochas le Dia
• Shroich siad Spáinn ag a dó a chlog
• Bhuail siad le hionadaí taistil, Peadar ab ainm dó - Bhí sé an-ghealgháireach agus fáilteach
• Chuir sé fáilte Uí Cheallaigh rompu
• Bhí an aimsir go hiontach agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch
• Léim siad ar bhus agus d’imigh siad go dtí an t-óstán

Picture 4
• Nuair a shroich siad an t-óstán, bhí díomá an domhain orthu
• Hotel Sol ab ainm dó ach ní raibh cuma ródheas air is oth liom a rá
• Chuaigh siad go dtí an seomra leapa láithreach bonn
• Níor chreid siad a súile, ní raibh an seomra glan ar chor ar bith
• Creid é nó ná creid bhí gréasán an damháin alla ar an mballa, mo lean
• Chuaigh Daid díreach go dtí an deasc fáiltithe
• Labhair sé leis an bhfear ann agus rinne sé gearán, chun an fhírinne a rá
• Phioc Mamaí suas a guthán agus ghlaoigh sí ar Pheadar
• Mhínigh sí an scéal dó agus d'éist sé go géar léi - Níor chreid sé a chluasa ar ndóigh

Picture 5
• Shroich Peadar an t-óstán gan a thuilleadh moille
• D'fhéach sé timpeall na háite, bhí náire an domhain air gan amhras
• Ba mhaith leis áit nua a fháil don chlann
• Labhair sé faoi óstán difriúil
• Salles Central ab ainm dó
• Chas an chlann ar a sála agus rug siad ar a malaí troma
• Léim siad i dtacsaí agus chuaigh siad go dtí an t-óstán

Picture 6
• Bhí an t-óstán nua go hálainn agus an chlann ar scamall a naoi is dócha
• Fuair an chlann uasghrádú (upgrade) agus seomra den scoth
• Bhí na radhairc dochreidte agus thar a bheith suimiúil
• Bhí áiseanna iontacha ann, linn snámha, seomra cluichí agus rudaí eile
• Chaith Mam an chéad lá ina luí ag léamh leabhair - Chuaigh Daid ina chodladh
• Bhí na páistí ag snámh sa linn snámha
• Bhain siad an-taitneamh as an saoire as sin amach gan aon agó
• Ní dhéanfaidh siad dearmad ar an saoire sin go deo na ndeor