Foréigean sa domhan

0.0(0)
Studied by 0 people
call kaiCall Kai
Locked
learnLearn
examPractice Test
spaced repetitionSpaced Repetition
heart puzzleMatch
flashcardsFlashcards
GameKnowt Play
Card Sorting

1/15

encourage image

There's no tags or description

Looks like no tags are added yet.

Last updated 1:43 PM on 6/18/25
Name
Mastery
Learn
Test
Matching
Spaced
Call with Kai
Chat

No analytics yet

Send a link to your students to track their progress

16 Terms

1
New cards

Is ceist achrannach é an foréigean atá i mbéal an phobail le fada an lá anois. Is annamh a théann lá tharainn nach mbíonn ceannlíne faoin bhforéigean sna meáin, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil an fhadhb seo ag dul in olcas. Níl aon teorainn leis na scéalta uafásacha a bhíonn le cloisteáil ar an nuacht, agus is léir go bhfuil an foréigean ar cheann de na fadhbanna idirnáisiúnta is práinní atá ann faoi láthair.

Violence is an acrimonious issue that has been in the public discourse for a long time now. Rarely does a day pass without a headline about violence in the media, and it seems this problem is worsening. There is no end to the horrific stories heard on the news, and it is clear that violence is one of the most urgent (international) problems at the moment.

2
New cards

Lá i ndiaidh lae, cloistear scéalta scanrúla faoi dhaoine atá ag déanamh iarrachta teitheadh óna dtíortha dúchais de bharr cogaidh nó foréigin. Ar ndóigh, is fadhb fhorleathan agus rábach (rampant) é an foréigean i Stát na Palaistíne, sa Stráice Gaza ach go háirithe.

Day after day, terrifying stories are heard about people trying to flee their homelands due to war or violence. Of course, violence is a widespread and rampant problem in the State of Palestine, particularly in the Gaza Strip.

3
New cards

Is cosúil gur comhlint shíoraí (never-ending) í an chomhlint idir an Phalaistín agus an Iosrael atá ag scriosadh an réigiúin sin ó thit an chomhlint amach i 1948. Tá ainghníomhartha (brutalities) déanta ag an dá thaobh, agus is fadhb an-chasta é an cogadh agus an foréigean atá ag tarlú i nGaza.

It seems like the never-ending conflict between Palestine and Israel has been destroying that region since the conflict erupted in 1948. Brutalities have been committed by both sides, and the war and violence occurring in Gaza is a very complex issue.

4
New cards

Ach é sin ráite, is é an slad (devastation) atá á dhéanamh ar Phobal Gaza an phríomhthragóid atá ag tarlú ann faoi láthair. Cloistear scéalta go minic faoin bhforéigean uafásach agus na hionsaithe barbartha a tharlaíonn ann go laethúil. Mná, páistí agus seanóirí curtha chun báis go neamhthrócaireach

That said, the devastation being inflicted on the people of Gaza is the primary tragedy happening there now. Stories are often heard about the horrific violence and barbaric attacks that occur daily. Women, children, and the elderly are mercilessly killed.

5
New cards

Tithe agus foirgnimh buailte go holc ag an mbuamáil. Ospidéil scriosta agus othair bhreoite istigh iontu. Ganntanas bia ann anois le míonna anuas, agus muintir na háite ag fáil bháis leis an ocras.

Houses and buildings are severely damaged by bombing. Hospitals are destroyed, with sick patients inside. There has been a food shortage for months now, and the people there are dying of hunger.

6
New cards

Is náireach an scéal é, agus ní féidir le muintir na Palaistíne éalú ón bhforéigean agus ón ansmacht (oppression) seo. Cuireann na híomhánna scanrúla de na Palaistínigh ag fulaingt sceimhle orainn ar fad. Mothaíonn daoine nach bhfuil go leor ar bun ag rialtais an domhain agus ag na cumhachtaí móra ar son daonra na Palaistíne, ná chun deireadh a chur leis an bhforéigean.

It is a shameful situation, and the people of Palestine cannot escape this violence and oppression. The terrifying images of Palestinians suffering horrify us all. People feel that not enough is being done by world governments and the major powers on behalf of the Palestinian population, nor to end the violence.

7
New cards

Bíonn agóidí móra ar siúl i gcathracha móra timpeall an domhain i gcoinne an slada. Tá na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain Mhór ag tabhairt tacaíochta don Iosrael fós, agus ar ndóigh, tá cumhacht ag na tíortha seo sa scéal ar fad. Le cúnamh Dé, fógrófar sos cogaidh sa réigiún agus beidh réiteach ar an ngéarchéim agus ar an bhforéigean uafásach seo go luath.

Large protests take place in major cities around the world against the devastation. The United States and Great Britain still support Israel, and of course, these countries have power over the entire situation. With God’s help, a ceasefire will be declared in the region, and a resolution to this crisis and horrific violence will come soon.

8
New cards

Ní féidir an foréigean a phlé gan trácht a dhéanamh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Maraíodh níos mó ná 13,000 sibhialtach ó thit an cogadh san Úcráin amach. Is deachtóir fiochmhar agus cruálach é Vladimir Putin, agus spreagann sé gráin agus foréigean i measc muintir na Rúise.

Violence cannot be discussed without mentioning Russia’s invasion of Ukraine. More than 13,000 civilians have been killed since the war in Ukraine began. Vladimir Putin is a fierce and cruel dictator, and he incites hatred and violence among the Russian people.

9
New cards

Tá an cogadh tar éis muintir na hÚcráine a fhágáil gan bia, uisce, leigheas nó foscadh ar bith. Cuireann sé uafás orm nuair a chloisim scéalta faoi na rudaí uafásacha a bhíonn ag tarlú san Úcráin. Ní féidir a shéanadh ach gur fadhb fhorleathan é an foréigean sa domhan i sochaí an lae inniu.

The war has left the people of Ukraine without food, water, medicine, or shelter. It horrifies me when I hear stories about the terrible things happening in Ukraine. It cannot be denied that violence is a widespread problem in today’s global society.

10
New cards

Tá géarchéim na dteifeach ag méadú ar fud na hEorpa de bharr an fhoréigin timpeall an domhain. Lá i ndiaidh lae, feictear mná, fir agus páistí ag teitheadh ó chogadh agus ó bhochtanas sa tSiria, san Úcráin agus sa Phalaistín i measc tíortha eile.

The refugee crisis is growing across Europe due to violence around the world. Day after day, women, men, and children are seen fleeing war and poverty in Syria, Ukraine, Palestine, and other countries.

11
New cards

Tá na daoine seo ag fulaingt de bharr na gcogaí atá ag réabadh a dtíortha dúchais, agus níl an dara rogha acu ach imeacht óna mbaile agus óna gclanna. Gan amhras, tá nasc direach idir an foréigean agus fadhb na dteifeach. Tagann na daoine seo go tíortha nua, agus níl i ndán dóibh ach dibirt agus níos mó foréigin.

These people suffer because of wars ravaging their homelands, and they have no choice but to leave their homes and families. Without a doubt, there is a direct link between violence and the refugee crisis. They arrive in new countries, only to face deportation and more violence.

12
New cards

Tá cáil ar Éirinn mar thír na céad míle fáilte, ach ní dóigh liom go gcuirtear an céad míle fáilte sin roimh na daoine bochta a thagann go hÉirinn na laethanta seo. Ní gá ach féachaint ar an nuacht agus ar an bhforéigean ar na sráideanna fud fad na tíre le déanaí chun an meon diúltach seo i leith na dteifeach a fheiceáil.

Ireland is known as the "land of a hundred thousand welcomes," but I don’t think that welcome is extended to the poor people coming to Ireland these days. One only needs to look at the news and the violence on the streets across the country recently to see this negative attitude toward refugees.

13
New cards

Bhris círéibeacha amach san ardchathair anuraidh, agus is minic a chuirtear foirgnimh trí thine má chloiseann dream áirithe go gcuirfear na foirgnimh sin ar fáil do theifigh. Cuireann an t-iompar agus an foréigean seo idir dhíthráth agus náire orm.

Riots broke out in the capital last year, and buildings are often set on fire if certain groups hear they will be used to house refugees. This behavior and violence fill me with disgust and shame.

14
New cards

Déanann na daoine bochta seo iarracht éalú ón bhforéigean ina saol, ach caitear go dona leo, le naimhdeas (hostility) agus dímheas. Fáinne fí atá ann, agus ba chóir dúinn trócaire a léiriú do na daoine leochaileacha seo chun deireadh a chur le fadhb an fhoréigin i saol an lae inniu.

These vulnerable people try to escape violence in their lives, yet they are treated poorly, with hostility and contempt. It’s a vicious cycle, and we should show compassion to these fragile people to end the problem of violence in today’s world.

15
New cards

Is léir ón méid atá pléite agam thuas gur fadhb fhorleathan dhéistineach é an foréigean i láthair na huaire, anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is fadhb phráinneach é, agus caithfear dul i ngleic leis gan mhoill.

From what I’ve discussed above, it’s clear that violence is a widespread and disgusting problem at present, both here in Ireland and internationally. It is an urgent issue that must be addressed without delay.

16
New cards

Ba chóir do rialtais an domhain agus do na cumhachtaí móra iarracht níos mó a dhéanamh chun an foréigean seo a laghdú. Tá sé de dhualgas orthu sibhialtaigh leochaileacha a chosaint. Tá sé in am anois ag gach duine seasamh suas don rud atá ceart.

World governments and major powers should make greater efforts to reduce this violence. They have a duty to protect vulnerable civilians. It is time now for everyone to stand up for what is right.