1/5
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced | Call with Kai |
|---|
No study sessions yet.
1
· An mhí seo caite bheartaigh Máire agus Síle imeacht go cathair na Gaillimhe don deireadh seachtaine.
· Thug a dtuismitheoirí síob dóibh go dtí an stáisiún traenach.
· Bhí siad ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine.
· Bhí imní ar a dtuismitheoirí, áfach, agus d'iarr siad orthu a bheith cúramach.
2
· Níorbh fhada gur ghluais an traein amach as an stáisiún.
· Bhí Máire agus Síle suite ar a sáimhín só.
· Bhí fear le spéaclaí gréine air suite in aice leo.
· Thosaigh na cailíní ag caint faoin deireadh seachtaine agus rinne siad neamhaird d'fhear na spéaclaí gréine.
· D'fhág Máire a sparán ar an mbord.
3
· Tar éis tamaill, thit na cailíní ina gcnap codlata.
· I bpreabadh na súl, bhí an sparán tógtha ag an bhfear.
· Ní fhaca duine ná deoraí é.
· Is léir go raibh sé ag faire ar a sheans ó shuigh na cailíní in aice leis.
· D'imigh sé leis ar nós na gaoithe.
4
· Dhúisigh na cailíní.
· Ní raibh tásc ná tuairisc ar an sparán.
· Ba bheag nár thit Máire i laige. Scread sí in ard a cinn is a gutha.
· Chuardaigh siad an carráiste ó bhun go barr.
· Ba ansin a thuig siad go raibh an sparán tógtha ag an bhfear.
5
· Ghlaoigh siad ar an gcigire traenach ar an bpointe boise agus d'inis an scéal dó.
· Bhí an cigire traenach an-tuisceanach agus cabhrach.
· Chuir sé glaoch ar stáisiún na nGardaí i gcathair na Gaillimhe.
6
· Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur shroich an traein ceann scríbe.
· D'imigh an gadaí den traein ar luas lasrach ach tháinig na Gardaí air agus rug siad greim an duine bháite air.
· Tugadh an sparán ar ais do Mháire.
· Bhí an t-airgead ar fad ann agus áthas an domhain ar Mháire.