1/45
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced |
---|
No study sessions yet.
Cad a deir an taighde faoi theagasc & foghlaim i scoileanna T1 & T2?
Deir an taighde “Saol Leanaí Scoile” agus “Tuarascáil an Phríomhchigire” go bhfuil bearna suntasach idir scoileanna T1 agus T2 maidir le dearcadh i leith na Gaeilge agus úsáid na teanga. I scoileanna T1, léiríonn na páistí líofacht, muinín, agus dearcadh dearfach i leith na Gaeilge. Deritear go bhfuil deiseanna an do dhaltaí a scileanna teanga a fhorbairt i gcomhthéascsanna acadúla agus sóisialta. Moltar béim bhreise a chur ar theanga acadúil. Ní fhreastlaíonn ach 7% de pháistí bunscoile agus 3.5% de dhaltaí iar-bhunscoile are scoileanna T1.
I scoileanna T2, freatslaíonn ach 93% de pháistí bunscoile agus 96.5% de pháistí iar-bhunscoile are scoileanna T2. Deir an taighde go bhfuil easpa deiseanna nádúrtha ann do dhaltaí an Ghaeilge a úsáid agus go mbíonn an iomarca béime ar aistriúcháin go Béarla. Tá easnaimh i scríbhneoireacht, cumarsáid ó bhéal, agus deiseanna idirghníomhacha. Luaitear go raibh tionchar diultach ag COVID-19 ar nochtadh teanga agus ar fhorbairt teanga na ndaltaí. Tá bearna idir úsáid na Gaeilge le feiceáil go soiléir.
Cad ba chóir duit a dhéanamh mar mhúinteoir Gaeilge mar gheall ar a bhfuil foghlamtha agat ón taighde?
Mar mhúinteoir Gaeilge, ní leor an Ghaeilge a mhúineadh mar ábhar amháin. Caithfear í a mhúineadh mar mhéan cumarsáide a úsáidtear go nádúrtha sa seomra ranga. Caithfear cur leis na deiseanna a bhíonn ag daltaí an Ghaeilge a úsáid trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí beo, cluichí, drámaíocht, agus obair bheirte, áit a spreagtar idirghníomhú agus cumarsáid. Ní mór freisin Gaeilge neamhfhoirmiúil a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach sa lá scoile; le beannachtaí, ceisteanna, moltaí, agus ghnáthchumarsáid laethúil.
Tá sé tabhachtach chun tacaíocht a thabhairt do chur chuige éagsúla cosúil le FCÁT, agus gur féidir nasc a chruthú leis na mbaile, agus leis an bpobal trí scéimeanna cosúil le Gaelbhratach. Chun úsáid na teanga a neartú, ní mór freisin traschur a dhéanamh idir teangacha, ag aithint na cosúlachtaí agus na difriochtaí idir an Ghaeilge agus an Béarla. Má tá se soiléir ón taighde go mbíonn páistí i scoileanna T2 níos diúltaí, is suas don mhúinteoir atá sé cultúr dearfach agus muinín a chothú tríd an gcur chuige cheart.
Conas is féidir liom páistí a chur ag úsáid na teanga sa cheacht agus ar scoil?
Tá sé riachtanach go mbeadh an Ghaeilge á húsáid go gníomhach, rialta agus nádúrtha ag na páistí i ngach cuid den scoil, ní amháin le linn cheacht Gaeilge. Sa cheacht féin, ba chóir dom gníomhaíochtaí cumarsáideacha a úsáid – mar shampla, cluichí le bearna eolais, agallaimh bheirte, drámaíocht agus obair ghrúpa. Ba chóir go mbeadh fócas ar úsáid na teanga, seachas ar fhoghlaim rialacha. Thairis sin, is féidir liom scafall a chur ar fáil trí eiseamláirí, foclóir ar an gclár bán, agus comhráite samplacha.
Lasmuigh den cheacht, is gá Gaeilge neamhfhoirmiúil a úsáid – beannachtaí, treoracha ranga, moladh, ceisteanna – agus í a dhéanamh mar chuid nádúrtha den ghnáthshaol scoile. Tá sé tábhachtach freisin go bhfuil nasc leis an mbaile – tríd an Gaelbhratach, tríd an tuismitheoir ag úsáid frásaí, nó trí leabhair Ghaeilge a thabhairt abhaile. Is cuimhin linn go labhraíonn ach 1.4% den daonra Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, mar sin tá an scoil lárnach sa troid ar son na teanga.
Cad atá i gceist leis an gcur chuige cumarsáideach?
Is modh teagaisc é an cur chuige cumarsáideach (CCC) a bhfuil an fhócas ar úsáid bhríoch agus nádúrtha na Gaeilge le haghaidh fíorchumarsáide. Ní bhaineann sé le foghlaim rialacha amháin, ach le cur ar chumas na ndaltaí an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna réadúla, sóisialta agus pearsanta. Tá an cur chuige bunaithe ar na teoiricí teanga is mó tionchair: Krashen (ionchur tuisceana), Swain (aschur – caithfidh daltaí an teanga a tháirgeadh), agus Long (idirghníomhú mar uirlis foghlama).
Is í an phríomh-aidhm ná páistí a chur ag labhairt, ag éisteacht, ag scríobh agus ag idirghníomhú sa Ghaeilge go minic agus le muinín. Bíonn an múinteoir ag pleanáil ionchur maith, agus bíonn na daltaí gníomhach san fhoghlaim. Tá sé tábhachtach go dtuigimid go bhfuil CCC níos éifeachtaí i scoileanna T2, áit a mbíonn deiseanna cumarsáide níos teoranta.
Conas is féidir cur chuige cumarsáideach a chur i bhfeidhm sa cheacht Gaeilge? Cad iad tréimhsí an cheachta?
Tá trí phríomhchéim i gceacht cumarsáideach, agus is iad sin:
Réamhchumarsáid – Cuirtear ionchur teanga ar fáil, mar shampla, foclóir nua, abairtí samplacha agus frásaí. Cothaítear suim sa téama trí pictiúir, scéalta nó ceisteanna oscailte. Ullmhaítear daltaí don úsáid.
Tréimhse chumarsáide – Bíonn daltai ag úsáid na Gaeilge i mbeirteanna nó i ngrúpaí trí thasc cumarsáideach (e.g. cluiche le bearna eolais, agallamh, cur i láthair). Is é seo croílár an cheachta – tá aschur teanga ag tarlú anseo.
Iarchumarsáid – Déantar athbhreithniú ar an teanga, anailís ar struchtúr, agus traschur chuig comhthéacsanna eile. Déantar machnamh freisin ar na cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Béarla (traschur teanga).
Trí úsáid chliste a bhaint as CCC, is féidir liom ceachtanna atá soiléir, struchtúrtha agus cumarsáideach a chur ar fáil – agus sin an rud atá riachtanach go háirithe i scoileanna T2.
Cén tábhacht a bhaineann le hionchur teanga d’fhoghlaimeoirí teanga agus conas is féidir leat ionchur teanga a chur ar fáil do pháistí sa Ghaeilge? (Krashen)
Dar le Krashen (1985), ní féidir le duine ar bith teanga a fhoghlaim gan ionchur sothuigthe (comprehensible input). Molann sé go mbeadh an t-ionchur céim amháin os cionn leibhéal teanga an fhoghlaimeora – i + 1 – chun dul chun cinn a dhéanamh. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach do pháistí i scoileanna T2, toisc gur minic nach mbíonn mórán nochtadh acu don Ghaeilge lasmuigh den scoil. Mar sin, is gá don mhúinteoir ionchur saibhir, leanúnach agus spreagúil a chur ar fáil.
Is féidir ionchur a thabhairt do pháistí trí léitheoireacht os ard, rannta, amhráin, dánta, físeáin TG4, agus éisteacht le scéalta. Bíonn an tréimhse réamhchumarsáide sa cheacht ríthábhachtach don ionchur, áit a mhínítear foclóir agus frásaí nua go soiléir le tacaíochtaí cosúil le pictiúir, geáitsí, nó ceisteanna samplacha.
2. Cén tábhacht a bhaineann le haschur teanga d’fhoghlaimeoirí teanga agus conas is féidir leat deiseanna aschuir teanga a chur ar fáil do pháistí sa Ghaeilge? (Swain)
Dar le Swain (1985), tá an aschur teanga (labhairt, scríobh) chomh tábhachtach céanna leis an ionchur. Nuair a bhíonn páistí ag táirgeadh teanga – fiú má tá botúin ann – cabhraíonn sé leo dul i ngleic le struchtúr na teanga, fadhbanna a aithint agus a gceartú, agus muinín a fhorbairt. Tugann aschur deis do pháistí hipitéisí teanga a thriail, agus páirt gníomhach a ghlacadh ina bhfoghlaim.
Is féidir aschur a chothú trí drámaíocht, rólghlacadh, agallaimh bheirte, scríbhneoireacht chruthaitheach, léamh os ard, agus cur i láthair. Sa CCC, is sa tréimhse chumarsáide agus iarchumarsáide a tharlaíonn an t-aschur is mó, agus ba cheart don mhúinteoir an-spás a thabhairt don pháiste an Ghaeilge a úsáid le cuspóir bríoch.
Cén tábhacht a bhaineann le deiseanna idirghníomhaithe teanga? Conas is féidir leat deiseanna idirghníomhaithe a chur ar fáil? (Long)
De réir Long (1981), níl ionchur amháin sách le teanga a fhoghlaim – is gá idirghníomhú teanga le daoine eile, go háirithe idirghníomhú atá dírithe ar bhrí. Cabhraíonn sé seo le páistí freagairt, ceisteanna a chur, agus a gcuid hipitéisí a thriail i gcomhthéacs fíor. Le linn idirghníomhaíochta, faigheann siad aisfhreagraí fíorúla, rud a chabhraíonn leis an sealbhú teanga.
Sa seomra ranga, is féidir idirghníomhú a chur chun cinn trí obair bheirte, obair ghrúpa, cluichí teanga, tascanna comhoibríocha, FCÁT, agus ceisteanna oscailte. Ní mór an múinteoir an timpeallacht a chruthú ina bhfuil na daltaí compordach ag caint lena chéile – b’fhéidir le scafall cosúil le cártaí frásaí, abairtí tacaíochta ar an gclár, nó oideachas measctha i ngrúpaí.
Conas a mhúinfeá dán/amhrán nó cluiche teanga chun cur le deiseanna ionchuir agus aschuir teanga na bpáistí?
Is féidir dán nó amhrán a úsáid mar bhealach den scoth chun ionchur agus aschur teanga a mhúineadh. Tosaítear leis an tréimhse réamhchumarsáide, áit a ndéantar múnlú ar fhoclóir nua le pictiúir, gníomhaíochtaí nó ceisteanna bunaithe ar shaol na bpáistí. Léann an múinteoir an dán/amhrán ar dtús – sin ionchur – agus déanann na páistí aithris – sin tús an aschuir.
Le linn na tréimhse cumarsáide, léann an rang an dán le chéile, nó canann siad an t-amhrán. Bíonn gníomhaíochtaí cosúil le léitheoireacht mhacalla, léitheoireacht chórúil, nó cleachtaí cuimhneacháin ann. Sa tréimhse iarchumarsáide, is féidir tascanna beaga scríbhneoireachta nó ceisteanna ó bhéal a úsáid: m.sh. “Tá eagla orm roimh ______.” Nó, déanann na páistí athinsint, comhrá beirte, nó plé ar fhónaic.
Conas a mhúinfeá cluiche teanga do na páistí chun deiseanna úsáid na teanga a mhéadú?
Tá cluichí teanga ar cheann de na bealaí is fearr le húsáid nádúrtha na Gaeilge a spreagadh. Leis an gcur chuige cumarsáideach, ba chóir an cluiche a mhúineadh i dtrí chéim: réamhchumarsáid, cumarsáid agus iarchumarsáid. Sa chéad chéim, ullmhaítear na páistí don teanga a bheidh ag teastáil – m.sh. abairtí samplacha, geáitsí nó múnlú ceisteanna agus freagraí.
Le linn na tréimhse cumarsáide, imríonn na páistí an cluiche ag úsáid na teanga. Ba chóir go mbeadh scafall ar fáil dóibh – mar shampla, liosta abairtí ar an gclár, cártaí cabhracha, nó grúpaí le cumais mheasctha. Sa tréimhse iarchumarsáide, is féidir tascanna cosúil le cumadh abairtí nua nó ceisteanna faoi na rudaí a chuala/scríobh a chur i bhfeidhm.
Sampla: Jenga leis na briathra neamhrialta – páiste ag tarraingt bloic agus ag freagairt ceisteanna: “An bhfaca tú Moana?” – “Chonaic / Ní fhaca”.
Conas a chabhraíonn tascanna teanga le páistí teanga a shealbhú? (ionchur, idirghníomhú, aschur teanga)
Cuireann tascanna teanga le sealbhú na Gaeilge trí dheiseanna a thabhairt do pháistí páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas foghlama. Tugann tascanna ionchur teanga d’fhoghlaimeoirí – e.g. foclóir nua, struchtúir abairtí – sa tréimhse réamhchumarsáide. Ina dhiaidh sin, spreagtar idirghníomhú, áit a mbíonn ar pháistí comhoibriú le chéile chun cuspóir a bhaint amach (m.sh. cluiche, suirbhé nó tionscadal). Sa tréimhse cumarsáide agus iarchumarsáide, tarlaíonn aschur teanga – is é sin, labhraíonn nó scríobhann páistí ag úsáid na teanga nua. Tacaíonn an struchtúr seo le prionsabail Krashen, Swain agus Long agus cuireann sé le foghlaim nádúrtha, fheidhmiúil.
Cad is tasc ann de réir an chur chuige tascbhunaithe?
Dar le Bryfonski & McKay (2019), Fitzpatrick et al. (2018), agus Flynn (2021), is éard is tasc ann ná gníomhaíocht a éilíonn ar an bhfoghlaimeoir an teanga a úsáid le béim ar bhrí, chun cuspóir a bhaint amach. Ní cleachtadh gramadaí atá i gceist, ach úsáid fíorúil na teanga. Tá trí thréith thábhachtacha ag tasc maith: (1) bearna le líonadh – eolas, réasúnaíocht nó tuairim; (2) nasc leis an bhfíorshaol – rud a dhéanann ciall do pháistí; agus (3) táirge (product) ann – mar shampla cur i láthair, póstaer, nó píosa scríbhneoireachta. Bíonn ar an múinteoir an teanga atá riachtanach don tasc a mhúineadh roimh ré agus tacaíocht leanúnach a thabhairt.
Cad iad na trí bhearna a d’fhéadfadh a bheith i dtasc dar le Prabhu (1987)?
Leagann Prabhu (1987) béim ar trí chineál bearna atá le líonadh i dtasc teanga. (1) Bearna eolais – áit a gcaithfidh páistí píosa eolais a fháil ón duine eile (e.g. “An bhfuil do sheomra gorm nó buí?”). (2) Bearna réasúnaithe – áit a gcaithfidh páistí smaoineamh nó tuiscint a úsáid chun freagra a bhaint amach (e.g. obair léarscáile ina gcaithfidh siad treoracha a leanúint). (3) Bearna tuairime – áit a gcaithfidh páiste a thuairim a thabhairt (e.g. “Cén ceol is fearr leat agus cén fáth?”). Spreagann gach cineál díobh úsáid nádúrtha, bríomhar na Gaeilge i gcomhthéacs.
Tabhair samplaí de thascanna ó bhéal a bhfuil bearna eolais iontu.
Tá go leor samplaí praiticiúla i Léacht a Trí de thascanna ó bhéal a bhfuil bearna eolais iontu. Mar shampla, “Aimsigh na Difríochtaí”: Tá dhá phictiúr beagnach cosúil le chéile ag beirt pháiste agus caithfidh siad ceisteanna a chur ar a chéile le fáil amach cad iad na difríochtaí. Sa chluiche “Réalta an Ranga” (Headbanz-style), caithfidh páistí ceisteanna a chur le fáil amach cé nó cad atá ar an gcárta atá acu. Tasc eile ná suirbhé ranga, ina gcuireann páistí ceisteanna ar a chéile agus bailíonn siad eolas (e.g. “An maith leat popcheol?”).
Tabhair sampla de thascanna léitheoireachta agus/nó scríbhneoireachta a bhfuil nasc acu leis an bhfíorshaol.
Ceann de na samplaí is fearr de thasc le nasc leis an bhfíorshaol ná preableabhar a dhéanamh. Léann an rang téacs, socraíonn siad topaic, agus ullmhaíonn siad póstaer, leabhrán nó cur i láthair bunaithe ar an eolas a léigh siad. Sa tréimhse réamhchumarsáide, déantar ionchur teanga agus múintear an foclóir atá ag teastáil. I rith na tréimhse cumarsáide, oibríonn na daltaí i ngrúpaí ag úsáid na teanga go gníomhach. Críochnaíonn sé le tréimhse iarchumarsáide ina gcuireann siad an táirge i láthair agus bíonn díospóireacht nó aiseolas ar siúl.
I scríbhneoireacht, tá tascanna cosúil le fógraí, oidis, nó tuairiscí bunaithe ar úsáid sa saol fíor. Tá nasc soiléir le cumarsáid laethúil, rud a chuireann le húsáid bhríoch na Gaeilge.
Cén fáth ar chóir do mhúinteoirí agus do pháistí an Ghaeilge a úsáid ar bhonn neamhfhoirmiúil i scoileanna T2?
Is í an Ghaeilge neamhfhoirmiúil an t-aon bhealach go minic a mbíonn deis ag páistí scoileanna T2 an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid go nádúrtha i rith an lae. De réir an Curaclam Teanga na Bunscoile (2019) agus taighde ó Ó Duibhir & Cummins (2012), ní leor an ceacht Gaeilge amháin chun líofacht a bhaint amach i scoileanna meán-Bhéarla, go háirithe má tá sé teoranta do 30–40 nóiméad sa lá. Is trí úsáid neamhfhoirmiúil na teanga – i gcomhráití, treoracha, beannachtaí agus bainistíocht ranga – a tharlaíonn ionchur, idirghníomhú agus aschur go nádúrtha.
Cruthaíonn an úsáid laethúil seo timpeallacht atá tumtha sa Ghaeilge agus cuireann sé le muinín, líofacht, agus dearcthaí dearfacha i leith na Gaeilge. Le haghaidh foghlaimeoirí dara teanga (T2), is bealach éifeachtach í an Ghaeilge neamhfhoirmiúil chun cur le nochtadh don teanga nuair atá ionchur ó chainteoirí dúchais teoranta.
Tabhair samplaí de Ghaeilge neamhfhoirmiúil a úsáidfeadh an múinteoir faoi na rannóga seo.
Beannachtaí:
– Dia daoibh ar maidin, Slán abhaile, Conas atá tú?
Moladh:
– Maith sibh!, Obair iontach, Tá sé sin go hiontach!
Treoracha:
– Tógaigí amach bhur gcóipleabhair, Oscail an fhuinneog, Cuirigí bhur gcótaí oraibh.
Ceisteanna:
– An ndearna tú d’obair bhaile?, An bhfuil an freagra ag aon duine?
Ráitis ghinearálta:
– Go raibh maith agaibh, Cén aimsir atá ann inniu?, Cén lá atá ann?
Ag cur fráma ar cheacht:
– An bhfuil sibh réidh?, Cá bhfuil do leabhar?, Cuirigí síos na pinn.
Deilíní deasa:
– Lámha suas… a haon, a dó, a trí… Lámha síos!
– Bígí i bhur suí… An bhfuil sibh réidh?Feiceáil: Cumarsáid laethúil í an Ghaeilge neamhfhoirmiúil, atá oiriúnach don timpeallacht scoile. Samplaí coitianta ná beannachtaí, moladh, treoracha, ceisteanna, agus ráitis ghinearálta.
Tabhair samplaí de Ghaeilge neamhfhoirmiúil a úsáidfeadh páistí faoi na rannóga seo.
Beannachtaí:
– Dia duit, Conas atá tú?, Slán leat, Go raibh maith agat.
Ceisteanna:
– An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?
– An bhfuil cead agam leabhar a fháil?
– Conas a litríonn tú ___?
– Cén t-am é?
Ráitis ghinearálta:
– Ní bhfuair mé mo chóipleabhar, Tá pian i mo bholg,
– Tá sé ag cur báistí inniu, Tá mé críochnaithe,
– Rinne mé dearmad ar mo lón.– Conas atá tú?, Slán abhaile.
Conas is féidir teanga ón gceacht Gaeilge a úsáid i rith an lae go neamhfhoirmiúil? Tabhair samplaí.
Is féidir nasc a dhéanamh idir an ceacht Gaeilge agus an chuid eile den lá trí athúsáid na teanga i gcomhthéacsanna difriúla. Mar shampla, má bhí an ceacht bunaithe ar an aimsir, is féidir ceisteanna a chur i rith an lae mar: Cén aimsir atá ann anois?, An bhfuil sé ag cur báistí?, Cad a cheapann tú faoin aimsir inniu? Má bhí an téama bia, is féidir frásaí a úsáid ag am lóin: Cad a d’ith tú?, An maith leat úlla?
Ciallaíonn sé seo nach bhfuil an Ghaeilge teoranta don uair amháin sa lá, ach gur féidir léi a bheith ina cuid bheo den lá scoile. Cuireann sé le daingniú teanga agus le sealbhú nádúrtha.
Mínigh an tábhacht a bhaineann le pleanáil don Ghaeilge neamhfhoirmiúil ar bhonn ranga agus ar bhonn uile scoile.
Tá pleanáil don Ghaeilge neamhfhoirmiúil riachtanach chun úsáid leanúnach, comhtháite agus céimnithe na Gaeilge a chinntiú sa scoil. Ar leibhéal ranga, ba chóir don mhúinteoir frásaí straitéiseacha a roghnú, iad a mhúineadh go soiléir, agus scafall a chur ar fáil – póstaeir, cártaí, lipéid srl. Ar leibhéal uile scoile, ba cheart polasaí Gaeilge neamhfhoirmiúil a bheith i bhfeidhm, le frásaí a thógtar ó Naíonáin go Rang 6, agus comhoibriú idir na múinteoirí.
Tugann sé seo struchtúr agus leanúnachas don fhorbairt teanga. Cruthaíonn sé freisin cultúr dearfach scoile, áit a mbíonn an Ghaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide.
Conas a chabhraíonn taispeántas Gaeilge (póstaeir agus lipéid ar na ballaí) sa rang le forbairt teanga na bpáistí?
Tugann taispeántais ranga ionchur teanga amhairc agus éisteachta do pháistí. Má tá póstaeir agus lipéid i nGaeilge sa seomra ranga – mar shampla “Dún an doras”, “Cuir do lámh suas”, “Ceisteanna an Lae” – tá deis ag na páistí an teanga a fheiceáil go minic i gcomhthéacs. De réir Dr de Brún (2025), cabhraíonn sé seo le daingniú na teanga nua, le nascadh idir fuaim agus scríbhneoireacht, agus le foghlaim neamhspleách.
Is fearr fós má dhéanann na páistí féin na póstaeir. Ciallaíonn sé sin go bhfuil siad ag úsáid agus ag cur i láthair na Gaeilge, rud a chuireann leis an bhfoghlaim ó thaithí.
Cad is FCÁT/CLIL ann?
Is é FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha), nó CLIL (Content and Language Integrated Learning), modh teagaisc ina múintear ábhar eile – cosúil le Corpoideachas, Stair nó Eolaíocht – trí mheán na Gaeilge. Tá sé bunaithe ar an gcoincheap dé-fhoghlama, áit a ndéanann páistí foghlaim ar dhá leibhéal ag an am céanna: foghlaim ábhair agus foghlaim teanga. Tá sé tábhachtach i scoileanna T2 mar is mionteanga í an Ghaeilge agus tá sé cruthaithe ag taighde gur gá deiseanna nádúrtha a thabhairt do pháistí an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den cheacht teanga amháin.
Cad iad na buntáistí féideartha a bhaineann le FCÁT?
Tugann FCÁT fíorchomhthéacs don teanga agus cuireann sé leis an bhfoghlaim ghníomhach agus le spreagadh na bpáistí. Le linn cheacht FCÁT, bíonn spriocanna teanga agus spriocanna ábhair le baint amach ag an am céanna. Cruthaítear timpeallacht shaibhir ina mbíonn an Ghaeilge á húsáid i gcomhthéacs úsáideach, rud a fhágann go bhfoghlaimíonn páistí go neamhchomhfhiosach agus go n-úsáideann siad teanga acadúil (CALP). Cuireann sé le forbairt scileanna cognaíocha agus bíonn an fhoghlaim níos bríoch mar go mbíonn páistí gníomhach.Cuireann sé le forbairt scileanna teanga, a thagann le chéile le tuiscint ar ábhar.
Cad iad na dúshláin fhéideartha a bhaineann le FCÁT?
Cé go bhfuil buntáistí móra ag baint le FCÁT, tá roinnt dúshlán le sárú freisin. Ar dtús, is gá don mhúinteoir saineolas a bheith aige ar an ábhar agus ar an teanga. Tá sé dúshlánach freisin pleanáil dhúbailte a dhéanamh – is é sin, an fhoghlaim ábhair agus an fhoghlaim teanga a chur le chéile go cothrom. Caithfear a bheith cúramach nach shimplítear an t-ábhar ar mhaithe leis an teanga. Tá gá freisin le háiseanna oiriúnacha i gcomhthéacs na Gaeilge, rud a luaigh Ní Dhiorbháin & Ní Bhaoill (2018). Léirigh taighde (Ní Chróinín et al., 2016) gur féidir leis an teanga bac a chur ar straitéisí teagaisc má bhíonn sí ró-chasta.
Conas a chuirfeá FCÁT i bhfeidhm agus tú i do mhúinteoir i scoil T2? Tabhair samplaí praiticiúla.
Mar mhúinteoir i scoil T2, thosóinn le Gaeilge neamhfhoirmiúil a thabhairt isteach go rialta, agus ansin déanfainn codanna beaga d’ábhair eile a theagasc trí Ghaeilge. D’fhéadfainn tosú le téamh suas i gcorpoideachas, nó le gníomhaíochtaí i stair, tíreolas nó eolaíocht. Sampla praiticiúil ná léamh póstaeir i stair, áit a ndéanfadh páistí tasc bunaithe ar amlíne. In eolaíocht, d’fhéadfaí triail a dhéanamh le salann, siúcra agus líomóid agus úsáid a bhaint as frásaí cosúil le: “Blaisim an siúcra ar bharr mo theanga.” Bheadh an teagasc struchtúrtha i dtrí chéim: réamhchumarsáid (foclóir), cumarsáid (an tasc), agus iarchumarsáid (plé agus scríbhneoireacht).
Cad atá i gceist le fráma na 4C i gcomhthéacs na foghlama comhtháite ábhar agus teangacha?
Is é fráma na 4C (Coyle et al., 2010) an cur chuige is mó a úsáidtear chun FCÁT a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Tagraíonn na 4C do:
Content (Ábhar): Foghlaim ábhair atá ar chomhchéim leis an gcuraclam T1.
Cognition (Cognaíocht): Páistí ag smaoineamh go criticiúil agus ag úsáid scileanna cognaíocha.
Communication (Cumarsáid): Páistí ag idirghníomhú agus ag úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs.
Culture (Cultúr): Meas a chothú ar chultúir eile agus ar chultúr an ábhair féin.
Cruthaíonn an cur chuige seo balans idir foghlaim teanga agus foghlaim acadúil agus tugann sé tacaíocht do phleanáil éifeachtach bunaithe ar phrionsabail teangeolaíochta agus cognaíocha.
Cad is cur chuige ilteangach ann?
Is modh teagaisc é an cur chuige ilteangach a aithníonn agus a úsáideann réimse teangacha an pháiste sa seomra ranga. Spreagtar na páistí chun a dteanga(cha) baile agus aon teanga eile atá acu a úsáid chun cosúlachtaí agus difríochtaí idir teangacha a fhiosrú. Ní gá go mbeadh leibhéal ard sa teanga sin; is leor feasacht agus úsáid éigin. Cruthaíonn sé timpeallacht chuimsitheach, chultúrtha agus sóisialta ina mbíonn meas ar éagsúlacht teanga. De réir Cummins (2015) agus Little & Kirwan (2019), cuireann an cur chuige seo le féinmhuinín, meas ar chultúir éagsúla, agus forbairt teanga níos leithne don pháiste.
Cad atá i gceist le cur chuige ionduchtach do theagasc na gramadaí?
Sa chur chuige ionduchtach, ní thugtar an riail ghramadaí go díreach do na páistí. Ina áit sin, spreagtar iad le freagraí a aimsiú trí phatrúin a aithint i samplaí teanga. Mar shampla, tar éis dóibh roinnt abairtí a léamh, fiafraíonn an múinteoir: “An bhfeiceann sibh patrún? Cad atá ag athrú?” Is é an páiste a dhéanann an anailís, agus tagann sé/sí ar an riail trí fhiosrú, plé agus machnamh. Tacaíonn sé seo le forbairt feasachta teanga agus le scileanna neamhspleácha.
Cad atá i gceist le cur chuige ionduchtach ilteangach do theagasc na gramadaí?
Is meascán é de chur chuige ionduchtach agus ilteangach. Cuireann sé ar chumas páistí riail ghramadaí na Gaeilge a aimsiú trí í a chur i gcomparáid le teangacha eile atá acu – m.sh. Béarla, Polainnis, Fraincis nó teanga bhaile. Mar shampla, sa taighde a rinne Ní Dhiorbháin et al. (2024), spreagadh páistí le breathnú ar shamplaí agus le plé a dhéanamh ar a dteanga féin. Rinne siad machnamh ar séimhiú, ord na bhfocal, agus inscne. Ba iad na páistí a tháinig ar na rialacha féin agus rinne siad iad a thaifead i Dialann Mhachnaimh. Spreagtar comparáid idir teangacha agus cruthaítear tuiscint níos doimhne ar ghramadach na Gaeilge.
Tabhair samplaí de struchtúir teanga sa Ghaeilge atá éagsúil leis an mBéarla.
Tá go leor samplaí ann de struchtúir atá éagsúil idir an Ghaeilge agus an Béarla. Mar shampla:
Ord focail: Tagann an aidiacht i ndiaidh an ainmfhocail sa Ghaeilge (teach mór), ach roimhe sa Bhéarla (big house).
Séimhiú: Séimhítear an aidiacht tar éis ainmfhocail bhaininscneach (bean álainn, fuinneog mhór), rud nach bhfuil sa Bhéarla.
Struchtúr ceiste: An bhfuil tú ag dul? (Gaeilge) vs Are you going? (Béarla) – úsáidtear “An” in áit athrú briathar.
Uimhreacha: Cé mhéad duine atá sa seomra? (uatha) vs How many people are in the room? (iolra).
Is féidir leis na difríochtaí seo cabhrú leis an múinteoir pointí teagaisc soiléire a chruthú trí chur i gcomparáid idir teangacha.
Mínigh conas a thabharfá faoi cheacht gramadaí a mhúineadh ag úsáid an chur chuige ionduchtach ilteangach.
Chun an cur chuige ionduchtach ilteangach a úsáid, roghnóinn patrún amháin (e.g. séimhiú tar éis ainmfhocal baininscneach). Thabharfainn roinnt samplaí abairtí ar an gclár: Tá cathaoir dhearg agam. Tá liathróid bheag ag Síle. Iarrfainn ar na páistí féachaint orthu agus *fiafraím: “Cad atá athraithe ar an aidiacht?” Tar éis plé, thiocfadh siad ar an riail. D’fhéadfainn teangacha eile a thabhairt isteach: a red chair (Béarla), une chaise rouge (Fraincis) chun comparáid a dhéanamh.
Cuirfinn orthu an riail a scríobh isteach ina Dialann Mhachnaimh, mar a rinneadh sa taighde. I dtréimhse iarchumarsáide, bheadh ar na páistí samplaí nua a chumadh nó an riail a úsáid i scríbhneoireacht nó cártaí meaitseála.
Mínigh an tábhacht a bhaineann le fónaic na Gaeilge.
Tá fónaic ríthábhachtach do shealbhú na léitheoireachta agus na litrithe i nGaeilge. Tugann sí eolas do pháistí ar nasc idir fuaimeanna labhartha agus focail scríofa, rud atá lárnach le cód na Gaeilge a bhriseadh. Ó tharla go mbíonn córas fónaice difriúil ag an Ghaeilge agus ag an mBéarla, má dhéantar neamhaird ar fónaic na Gaeilge, úsáidfidh páistí córas an Bhéarla agus cruthóidh siad botúin i bhfuaimniú agus i litriú.
Bíonn fónaic riachtanach go háirithe i scoileanna T2, áit a bhfoghlaimítear Béarla ar dtús. Cabhraíonn fónaic na Gaeilge le cur chuige córasach, leanúnach agus le forbairt neamhspleáchais sa léitheoireacht.
Cad is feasacht fóineolaíochta ann? Cad is fónaic ann?
Is éard is feasacht fóineolaíochta ann ná cumas páiste fuaimeanna na teanga labhartha a aithint agus a ionramháil – mar shampla, rím, siollaí, túsfhuaimeanna, agus fóinéimí. Is táscaire láidir í do rath amach anseo sa léitheoireacht (Adams et al., 1998).
Is éard is fónaic ann ná modh teagaisc a mhúineann an nasc idir fuaimeanna na Gaeilge agus na litreacha nó na litrithe a léiríonn iad. Cabhraíonn sé le páistí patrúin a aithint agus focail nua a léamh trí fhuaimeanna.
Cad iad na trí mhórleibhéal eolais i gcóras fónaice na Gaeilge?
1. Leibhéal 1: Litir amháin – fuaim amháin (e.g. b, c, d, f). Tá sé cosúil leis an gcód trédhearcach. Tá 27 litir ann lena n-áirítear gutaí fada agus gearra.
2. Leibhéal 2: Dhá litir – fuaim amháin (e.g. ch, sh, th, bh, mh). Ní bhíonn seo sa Bhéarla agus caithfear múineadh i gcomhthéacs.
3. Leibhéal 3: Léirithe éagsúla den fhuaim chéanna (e.g. aoi, í, igh uaireanta ar fad = fuaim [í]). Cuireann sé seo le dul i ngleic le litrithe éagsúla sa Ghaeilge.
Tabhair samplaí de léirithe fuaime ag gach leibhéal.
Leibhéal 1: Litir amháin – fuaim amháin
→ b, c, d, m, s, l, t, f
Samplaí: bád, cat, dóiteán, mála, sú
Leibhéal 2: Dhá litir – fuaim amháin
→ ch, sh, bh, mh, ph, gh, fh, dh
Samplaí: chóta, siúl, bhuel, mo mhála, phóca
Leibhéal 3: Fuaim amháin, litrithe éagsúla
→ Fuaim [í]: aoi (draoi), í (rí), igh (smaoinigh)
→ Fuaim [é]: mé, té, laethanta, péint
Roghnaigh dán/amhrán. An bhfuil patrún fuaime nó patrún gramadaí ann? Conas a dhéanfá é seo?
Dán: Ící Pící
→ Ící Pící taobh amuigh den chlaí,
Ící Pící taobh istigh den chlaí…
Tá patrún soiléir fuaime sa dán seo – fuaim [í] le feiceáil i Ící, Pící, claí, istigh. Seo sampla iontach d’fhónaic ag Leibhéal 3: is féidir leis an fhuaim chéanna (í) a bheith scríofa mar í, igh, aoi.
Úsáidfinn an dán chun go mbeadh na páistí ag éisteacht agus ag aithint na bhfuaimeanna. D’fhéadfaidís na focail leis an fhuaim [í] a aibhsiú, pictiúir a tharraingt, nó cártaí fuaime a mheaitseáil. I gcéim iarchumarsáide, bheadh ceacht fónaice bunaithe ar na léirithe éagsúla.
Cad é an tábhacht a bhaineann le seánraí sa léitheoireacht/scríbhneoireacht sna ceachtanna Gaeilge?
Tá seánraí ríthábhachtach do fhorbairt teanga na bpáistí mar tugann siad struchtúr, ionchur teanga agus réimse leathan foclóra do pháistí, chomh maith le nochtadh do theanga acadúil agus do stíleanna scríbhneoireachta éagsúla. Cabhraíonn léitheoireacht seánraí éagsúla – idir fhicsin agus neamhfhicsin – le tuiscint ar struchtúir teanga, úsáid briathra, poncaíocht agus frásaí seánra-sonracha. Tá sé léirithe ag taighde (e.g. Day & Bamford, 2002) go bhfuil léitheoireacht seánraí éagsúla ríthábhachtach do sholáthar ionchuir teanga i mionteanga mar an Ghaeilge. Cabhraíonn sé freisin leis an scríbhneoireacht – mar is léitheoirí maithe a dhéanann scríbhneoirí maithe.
Tabhair samplaí de sheánraí éagsúla léitheoireachta/scríbhneoireachta.
Ficsean (narrative): Scéalta, pictiúrleabhair, seanchais.
Neamhfhicsean – Tuairisc: Téacsanna eolais faoi ainmhithe, tíortha, nó daoine cáiliúla.
Neamhfhicsean – Ghnásúil (procedural): Oidis, treoracha céim ar chéim, cluichí.
Scríbhneoireacht phearsanta: Dialann, litir, tuairisc phearsanta faoi pheata nó faoi laethanta saoire.
Tabhair samplaí de na difríochtaí teanga sna seánraí.
Braitheann struchtúr na teanga ar an seánra atá á léamh nó á scríobh:
Ficsean (insint): Briathra san aimsir chaite, frásaí ama (lá amháin, go tobann), poncaíocht ar nós comharthaí cainte, struchtúr tús-lár-deireadh.
Tuairisc: Aimsir láithreach, úsáid na copail (is ainmhí mór é), aidiachtaí, caibidlí, innéacs.
Téacs ghnásúil: Módh ordaitheach (déan, tóg), liostaí, uimhreacha, struchtúr céimeanna le toradh.
Conas a chabhraíonn taithí le seánra le forbairt teanga?
Tugann taithí le seánraí éagsúla tuiscint níos doimhne do pháistí ar úsáid na teanga i gcomhthéacsanna éagsúla. Foghlaimíonn siad conas a úsáidtear foclóir, briathra agus poncaíocht i mbealaí atá oiriúnach don téacs. De réir Stenson & Hickey (2018), cuidíonn sé le foclóir acadúil a fhorbairt, le scileanna léitheoireachta a aistriú idir an Ghaeilge agus an Béarla, agus le feasacht ar struchtúr na teanga. Le níos mó taithí ar sheánraí, bíonn na páistí in ann téacsanna níos casta a léamh agus a scríobh go neamhspleách.
Tabhair sampla de ghníomhaíochtaí ranga bunaithe ar sheánraí ar leith sa léitheoireacht agus/nó sa scríbhneoireacht.
Scéal (ficsean): Léigh scéal cosúil le An Tíogar ag Teacht Chun Tae. Ansin, bain úsáid as 3 phictiúr le haghaidh tús, lár agus deireadh agus tabhair frásaí ó na leabhair don scríbhneoireacht. Féadfaidh siad abairt amháin a scríobh do gach pictiúr.
Tuairisc (neamhfhicsean): Léigh leabhar eolais faoi ainmhí. Bain úsáid as fráma scríbhneoireachta: Tá an león ina chónaí i… Tá sé… Ithann sé… agus lig do pháistí a gcuid tuairiscí féin a scríobh i mbeirteanna.
Téacs ghnásúil: Déan oidis a léamh (m.sh. conas pancóga a dhéanamh), le béim ar an mhodh ordaitheach. Ansin scríobhfaidh na páistí a gcluiche féin nó a n-oideas féin ag úsáid céimeanna agus liosta.
Cad atá i gceist le líofacht léitheoireachta?
Is í líofacht léitheoireachta an droichead idir aithint focal agus tuiscint (Pikulski & Chard, 2005). Bíonn léitheoir líofa in ann focail a aithint go tapa agus go cruinn (uaithoibríocht), agus ina theannta sin léamh os ard le prosóid mhaith – ag baint úsáid as iontonú, béim agus frásáil. Tá sé níos mó ná luas léitheoireachta; léiríonn sé tuiscint, muinín agus sult sa léitheoireacht. I dteanga T2 cosúil leis an nGaeilge, is dúshlánach an próiseas seo toisc go mbíonn easpa foclóra agus nochtadh don teanga, ach is féidir forbairt a dhéanamh trí chleachtadh agus athléamh.
Cad atá i gceist le huaithoibríocht / luas agus prosóid?
Is éard is uaithoibríocht ann ná cumas léitheora focail a léamh go cruinn agus go tapa gan dua. Laghdaíonn sé an ualach cognaíoch ionas go féidir le léitheoir díriú ar thuiscint. Is éard is prosóid ann ná léamh le tuiscint agus le fuinneamh – le béim, iontonú agus frásáil chuí. Léiríonn sí go dtuigeann an léitheoir an téacs. Mol Rasinski (2013) go láidir forbairt an dá scil sin trí léitheoireacht os ard, athléamh agus taispeántas.
Tabhair sampla de scaoileadh céimseach na freagrachta sa léitheoireacht T2.
Tagraíonn Scaoileadh Céimseach na Freagrachta (Pearson & Gallagher, 1998) don chur chuige ina n-aistrítear freagracht léitheoireachta ón múinteoir go dtí an páiste de réir a chéile:
Múnlú: Léann an múinteoir os ard agus léiríonn sé/sí straitéisí.
Comhléamh: Léann an páiste le macalla nó go córúil le treoir.
Athléamh: Déanann an páiste athléamh ar an téacs lena líofacht a fheabhsú.
Léamh neamhspleách: Léann an páiste an téacs go ciúin nó téacs cosúil leis.
Tabhair moltaí chun deiseanna athléamh a chruthú sa rang.
Tá athléamh ríthábhachtach don líofacht sa T2. Moltar:
Rainn, rabhlóga, dánta a léamh os ard agus arís.
Cluiche macalla – múinteoir ag léamh, páistí ag aithris.
Amharclann na léitheoireachta – grúpaí ag léamh drámaí do lucht éisteachta.
Téacsanna feidhmiúla a úsáid go minic – suirbhé, scéalta, dialann.
Léamh i mbeirteanna – páistí ag léamh os ard dá chéile.
Scéim "leabhar ar iasacht" le hathléamh sa bhaile.
Tabhair moltaí le deiseanna léitheoireachta a chruthú sa bhaile agus ar scoil.
Ar scoil:
Club léitheoireachta le leabhair fhíorúla.
Léitheoireacht taifeadta – cleachtadh + playback.
Cairde léitheoireachta – páiste níos sine ag léamh le páiste níos óige.
Léamh os ard don rang le moladh ó chomhpháistí.
Féile léitheoireachta nó seó dráma bunaithe ar leabhair.
Sa bhaile:
Spreag tuismitheoirí le léamh os ard le/chuig a bpáistí.
Seol téacsanna eolacha abhaile do athléamh.
Úsáid Zoom nó Seesaw chun taifeadtaí a roinnt.
Tabhair leabhair ‘tuillte’ abhaile (m.sh. leabhar a chríochnaíonn siad i ngrúpa).