AN TRIAIL

0.0(0)
Studied by 0 people
call kaiCall Kai
learnLearn
examPractice Test
spaced repetitionSpaced Repetition
heart puzzleMatch
flashcardsFlashcards
GameKnowt Play
Card Sorting

1/7

encourage image

There's no tags or description

Looks like no tags are added yet.

Last updated 4:02 PM on 6/6/26
Name
Mastery
Learn
Test
Matching
Spaced
Call with Kai

No analytics yet

Send a link to your students to track their progress

8 Terms

1
New cards

INTRO

Cuireann muintir Mhaire go leor fulaingthe uirthi sa drama. Is leir on triail sa drama seo gur daoine leithleacha agus uafasacha iad. Tugann an t-udar Mairead Ni Ghrada leargas iontach duinn ar mheonta na gcarachtar. Usaidtear na carachtair seo chun fimineacht na sochai a leiriu go soiléir.

2
New cards

MOTHER - DESCRIBE HER

Is leir go gcruthaionn mathair Mhaire go leor fadhbanna do Mhaire. Is bean bhreagchraifeach i. Is baintreach i agus tuigimid go gcreideann si gur bean Chriostuil i. Nuair a fhaigheann si amach go bhfuil Maire ag iompar clainne, gan an dara smaoineamh bhi si ag iarraidh deireadh a chur leis an toircheas. Guionn si mallacht De ar a hinion fein agus glaonn si striapach uirthi.

3
New cards

MOTHER

Deanann si dearmad ar a hinion og neamhchiontach. Ceapann si nach peaca e "deireadh a chur ar rud neamhghlan". Is cuma lei faoi rialacha na heaglaise no tionchar De. Chomh maith leis sin, ceapann si gur mor an peaca e leanbh a bheith ag bean shingil. Feicimid dearcadh diultach i leith mathreacha singil in Eirinn ag an am sin.

4
New cards

BROTHER

Is leir go bhfuil dearthaireacha Mhaire freagrach as a fulaingt freisin. Ta eagla orthu roimh a mathair. Ta an t-eagla seo chomh laidir sin nach bhfuil siad ag iarraidh an fod a sheasamh do Mhaire. Smaoinionn siad orthu fein seachas slainte Mhaire. Deir siad an rud ceanna aris agus aris eile: "Na cuir an millean ormsa".

5
New cards

BROTHER

Tuigeann siad go bhfuil Bean Ui Chathasaigh rodhian ar Mhaire ach insionn siad scealta futhu. Insionn siad da mathair nach dteann Maire chuig an eaglais (a thuilleadh) agus go mbionn si tinn go rialta. An oiche a thainig Maire abhaile agus a d’inis si an drochnuacht da mathair feargach, duirt Liam gur scrios si a thrathonna. Ni thaispeanann aon duine acu gra teaghlaigh di tríd an sceal. Cuireann siad go mor le fulaingt Mhaire.

6
New cards

PADRAIG

Tá an caidreamh idir Pádraig agus Máire an-réadúil agus sochreidte. Tá sé soiléir gur fear plámásach, féinlárnach agus mídhílis é. úsáideann se a chumhacht chun bean óg neamhchiontach a scriosadh.

Is bean og i Maire ag tus an sceil agus nil taithi aici ar plamasaí mar Phadraig. Meallann se i go heasca lena chuid cainte filiochta agus cuireann se faoí gheasa í. Mar shampla, labhraionn se faoi “solas na gealaí, cumhacht san aer.” Creideann Maire gach rud a deir se, ce go n-insionn se breaga di. Nuair a deir se “is tu mo bhean feasta, is tu mo bhean cheile,” ta si ar bís ach ni thuigeann si nach bhfuil Padraig ach ag iarraidh a chuid mianta fein a shasamh.

7
New cards

PADRAIG

Sa deireadh tréigeann padraig maire ce go bhfuil si dílis agus lan curaim. sroicheann Maire a teorainn nuair nach bhfeachann Padraig ar a leanbh, agus mothaionn si uaigneach agus gortaithe. Nil aon dochais fagtha aici nuair a ghlaonn se striapach uirthi. Taispeanann se an drochmheas agus an fuacht ata aige di. Ansin fagtar i sa dorchadas gan gra na treoir.

8
New cards

CONCLUSION

Is léir go mbíonn Máire ag streachailt go mór i rith a saoil.Is léir freisin go bhfuil a muintir féin - a máthair agus a deartháireacha, Liam agus Seán - freagrach as cuid mhór den fhulaingt seo sa dráma 'An Triail'.