Costas Maireachtala - learn mode

0.0(0)
Studied by 0 people
call kaiCall Kai
learnLearn
examPractice Test
spaced repetitionSpaced Repetition
heart puzzleMatch
flashcardsFlashcards
GameKnowt Play
Card Sorting

1/7

encourage image

There's no tags or description

Looks like no tags are added yet.

Last updated 8:40 PM on 6/7/26
Name
Mastery
Learn
Test
Matching
Spaced
Call with Kai

No analytics yet

Send a link to your students to track their progress

8 Terms

1
New cards

INTRO

Mar a deir an seanfhocal: “ní lia duine ná tuairim”, agus táim ar bís chun mo thuairimí a thabhairt san aiste seo. Cé gur duine óg in Éirinn mé atá ag déanamh Scrúdú na hArdteist i mbliana, ceapaim go bhfuilim lánábalta labhairt faoin ábhar thuas. Níl amhras dá laghad orm ach gur ábhar conspóideach, achrannach é an costas maireachtála in Éirinn. Bíonn an costas maireachtála pléite agus athphléite ag polaiteoirí, ag iriseoirí agus ag saineolaithe. Chomh maith leis sin, is fadhb ollmhór í géarchéim na tithíochta agus tá cúrsaí ag dul in olcas dá bharr. Mar sin, tá sé ar intinn agam solas a chur ar ghéarchéim na tithíochta, ar an gcostas maireachtála, agus ar m’imní féin.

2
New cards

Supply and High Rents

Ar dtús, is ar éigean a théann lá thart nach mbíonn tagairt de shórt éigin don ghéarchéim mhíchlúiteach tithíochta. Chun é a chur go simplí, níl an soláthar in ann freastal ar an éileamh. Tá ganntanas tógálaithe sa tír agus, mar sin, tá easpa tithe, árasán agus lóistín ar fáil. Tá lóistín an-daor mar, dar leis na staitisticí is déanaí, tá na cíosanna 80% níos airde ná mar a bhí siad deich mbliana ó shin. I mBaile Átha Cliath, caithfidh tú níos mó ná €1,500 a íoc gach mí. Caithfear a admháil gur staitistic scanrúil é sin agus tá sé deacair do go leor teaghlach na cíosanna arda seo a íoc.

3
New cards

Not only housing crisis but - inflation and war

Ní hé an ghéarchéim tithíochta an t-aon fhadhb a bhaineann leis an gcostas maireachtála. Is léir don dall go bhfuil borradh mór tagtha ar phraghsanna breosla, leictreachais, earraí agus seirbhísí. Go pearsanta, cloisim mo thuismitheoirí ag gearán faoi phraghas an pheitril gach lá. Ina theannta sin, cuireann go leor daoine an milleán ar an gcogadh idir SAM agus an Iaráin mar chúis leis an mboilsciú.

4
New cards

Caithfimid a admháil go bhfuil rud maith amháin atá ag teacht amach as an ngéarchéim gháis agus ola, is é sin go bhfuil daoine ag lorg bealaí eile le fuinneamh a ghiniúint. Ní hamháin go bhfuil breoslaí iontaise dona don timpeallacht, ach tá siad an-chostasach freisin. Mar thoradh air sin, tá daoine anois ag iarraidh níos mó fuinnimh in-athnuaite a úsáid, mar go bhfuil sé níos fearr don timpeallacht agus níos inbhuanaithe san fhadtéarma. Is buntáiste mór dúinn é seo.

5
New cards

Electicity prices and homelessless

At deireadh na míosa, bíonn na méara trasnaithe ag daoine agus iad ag súil go mbeidh a mbille leictreachais ar phraghas réasúnta. Mar sin féin, bíonn ar dhaoine áirithe rogha a dhéanamh idir leictreachas agus bia. Maidir le teaghlaigh ar ioncam íseal, bíonn siad ag maireachtáil i mbochtaineacht. Níos measa fós, tá níos mó daoine gan dídean ar na sráideanna ná riamh, ag lorg déirce, agus tá líon na ndaoine gan dídean ag méadú gach bliain. Ina measc, tá páistí gan teach. Ar an drochuair, tá an Rialtas ag teip ar a mhuintir, agus níl sé ceart, go háirithe i gcás na bpáistí seo.

6
New cards

College Accommodation

Mar a dúirt mé cheana, is dalta meánscoile mé agus tá sé ar intinn agam freastal ar an gcoláiste i mBaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn, ach níl mé cinnte anois mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta. Ní chuireann go leor daltaí ó dheisceart na tíre aon choláiste i mBaile Átha Cliath síos ar an bhfoirm CAO mar go mbíonn na cíosanna ró-ard agus tá sé ró-iomaíoch lóistín a fháil. Is mór an trua é go bhfuilimid ag brath ar lóistín chun freastal ar an gcoláiste a theastaíonn uainn. Níl sé cothrom, agus sin í an fhírinne.

7
New cards

Charities, tax credits and if I were minister of housing

Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar an obair chrua atá á déanamh ag carthanachtaí mar Naomh Uinseann de Pól agus Focus Ireland. Bíonn siad ag obair go crua ó dhubh go dubh, ag tabhairt bia agus áit chodlata do dhaoine ar feadh tamaill. Chomh maith leis sin, tuairiscíodh go dtabharfaí creidmheasanna cánach €500 do thionóntaí, ach is réiteach sealadach iad seo agus ní réitíonn siad an easpa lóistín. Mar sin, dá mbeinn i m’Aire Tithíochta, dhéanfainn níos mó infheistíochta chun níos mó lóistín ar phraghas réasúnta a chur ar fáil.

8
New cards

CONCLUSION

Mar fhocal scoir. tá orainn rud éigin a dhéanamh láithreach bonn. “Is fearr mall ná go brách”, mar a deirtear. Tá treoir, spreagadh agus moladh riachtanach chun feabhas a chur ar staid na hEireann.