1/5
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced | Call with Kai |
|---|
No analytics yet
Send a link to your students to track their progress

I bpictiúr a haon, bhí Máire agus a máthair ag féachaint ar an gCrannchur Naisiúnta ar an teilifís. D’éist siad go cúramach leis na huimhreacha a tháinig as an druma. Bhí na huimhreacha ar thicéad mhamaí. Dúirt mamaí nár chreid sí é. Bhí sé buaite aici.

I bpictiúr a dó, sheol Máire téacs chuig a haintín Nóra i Nua Eabhrac ag insint an deá-scéala di. Bhí ríméad ar aintín Nóra. Thug sí cuireadh dóibh teacht go Nua Eabhrac.

I bpictiúr a trí, bhí ceist le réiteach ag Máire agus a máthair. Cad a dhéanfadh siad leis an airgead ar fad? Dúirt mamaí gur cheart beagán / airgead a thabhairt do Thrócaire. D’fhéadfadh siad teach nua a thógáil. Bheadh a dhóthain airgid chun cuairt a thabhairt ar aintín i Nua Eabhrac, freisin.

I bpictiúr a ceathair, bhí siad thuas sa spéir ar an eitleán ag gluaiseacht. Bhí an ghrian ag taitneamh go láidir. Tar éis eitilt sé uair a chloig shroich siad in Aerfort JFK. Bhí Aintín Nóra ansin chun fáilte a chur rompu. Dúirt sí go raibh lúchair uirthi iad a fheiceáil.

I bpictiúr a cúig, an oíche sin bhí dinnéar Meiriceánach acu agus gloine fíona. Bhí fuinneog mhór sa seomra bia le radharc iontach ar fhoirgnimh arda Nua Eabhrac. An lá dar gcionn, chuaigh an triúr acu isteach go lár na cathrach. Cheannaigh siad ticéid don cheoldráma Mama Mia ar Broadway. Cheap Máire go raibh an seó dochreidte.

I bpictiúr a sé, thóg siad bus gan díon, ar thuras timpeall na cathrach chun na séadchomharthaí a fheiceáil. Chonaic siad stocmhalartán Nua Eabhrac, agus Láthair 9/11. Bhí sé spéisiúil. Lá eile, thug siad cuairt ar an siopa ilrannach is cáiliúla ar domhan, Macy’s. Cheannaigh siad éadaí dearthóirí agus bhí áthas an domhain orthu leis an turas.