1/5
Looks like no tags are added yet.
Name | Mastery | Learn | Test | Matching | Spaced | Call with Kai | Chat |
|---|
No analytics yet
Send a link to your students to track their progress

Pictiúr 1
Sa phictiúr seo, feicimid Liam ina sheasamh taobh amuigh den ionad tástála lena Dhaid.
Is léir go mbeidh sé ag déanamh a scrúdú tiomána inniu.
Guíonn a Dhaid ádh mór air.
Tá cuma neirbhíseach ar Liam bocht, ní call a rá.
Tá a charr le feiceáil sa chúlra.

Pictiúr 2
Sa phictiúr seo, tá an scrúdú faoi lán seoil.
Ar dtús, cuireann an scrúdaitheoir cúpla ceist ar Liam faoi rialacha an bhóthair.
Ansin, ar aghaidh leo sa charr.
Tosnaíonn Liam ag tiomáint síos an bóthar.
Feicimid Liam taobh thiar den roth stiúrtha agus an scrúdaitheoir in aice leis.

Pictiúr 3
I bpictiúr a trí, is léir nach dtugann Liam a dhóthain aire don bhóthar nuair a croitheann sé a lámh dá chairde atá ina seasamh ar an gcosán.
Níl an scrúdaitheoir sásta ar chor ar bith le hiompar Liam.
Tá cuma fheargach air.
Tá an scéim mharcála ina lámha aige.

Pictiúr 4
Go tobann, cloistear pléasc ollmhór.
Buaileann carr Liam an carr atá os a chomhair.
Baintear geit uafásach as tiománaí an charr eile, chomh maith le Liam, an scrúdaitheoir agus na daoine eile i láthair.
Screadann an tiománaí eile le fearg.
Déanann Liam praiseach den scrúdú - an t-amadán!

Pictiúr 5
Sa phictiúr seo, cuireann an tiománaí eile glaoch ar na Gardaí agus tagann siad go sciobtha.
Tá cúlsolas a charr briste ach, buíochas le Dia, níl aon damáiste dáiríre déanta.
Tá an scrúdaitheoir ag iarradh an scéal a phlé dóibh.
Léiríonn sé go raibh scrúdú tiomána Liam faoi lán seoil nuair a tharla an timpiste.
Tá cuma fheargach ar an tiománaí eile fós.

Pictiúr 6
Sa phictiúr deireanach, tá Liam agus an scrúdaitheoir ar ais san ionad tástála.
Deir an scrúdaitheoir go mbeidh seans eile ag Liam i gceann cúpla seachtain, ach caithfidh sé níos mó cleachtadh a dhéanamh, agus a bheith aireach an chéad uair eile.
Is léir go bhfuil náire air, ach go bhfuil sé buíoch ag an am céanna.