Sraith Pictiúr 1: Lá Spraoi san Ardchathair.

0.0(0)
Studied by 0 people
call kaiCall Kai
learnLearn
examPractice Test
spaced repetitionSpaced Repetition
heart puzzleMatch
flashcardsFlashcards
GameKnowt Play
Card Sorting

1/5

encourage image

There's no tags or description

Looks like no tags are added yet.

6 Terms

1
New cards
term image

Lá amháin, chuaigh Siobhán agus a máthair go dtí an t-aerfort le mac léinn Spáinneach, Sophia, a bhailiú.

Chuir siad fáilte mhór roimpi.

Bhí an t-uafás daoine ag an aerfort agus iad uilig ar bís le fáilte abhaile a chur roimh a gcairde agus a dteaghlaigh.

Ba léir go raibh Sophia ag súil go mór leis an turas go hÉirinn.

2
New cards
term image

An lá tar éis sin, chuaigh Siobhán agus Sophia ar thuras bus timpeall na cathrach.

Ar dtús, chuaigh siad go Sráid Uí Chonaill.

Chonaic siad an spíce (Spee-ke) agus Ard-Oifig an Phoist agus go leor eile.

Rinne Siobhán cur síos do Sophia ar na nithe/rudaí seo go léir.

Gan dabht, bhain siad an-taitneamh as an turas bus.

3
New cards
term image

Thug siad cuairt ar Choláiste na Tríonóide agus chonaic siad an Leabhar Cheanannais agus an Leabharlann Fhada.

Bhí an áit dubh le daoine/plódaithe agus bhí scuaine an-fhada ann.

Tar éis sin, bhí ocras an domhain orthu agus chuaigh siad go dtí bialann an choláiste agus fuair siad lón deas blasta.

4
New cards
term image

Ina dhiaidh sin arís, thug na cailíní cuairt ar a lán áiteanna eile sa chathair.

Ar dtús, thug siad aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh agus bhain siad an-taitneamh as an iarsmalann/músaem a bhí ann.

Ansin, chuaigh siad go dtí Staid an Aviva agus Gairdín na nAinmhithe (Zú Bhaile Átha Cliath). Bhí an zú lán le hainmhithe éagsúla ó gach cearn den domhan.

Ar dheireadh thiar thall, chuaigh siad go dtí Ard-eaglais Naomh Pádraig. Bhí cór álainn ag seinm ann.

5
New cards
term image

Ansin, ag deireadh an lae shiúil siad go Sráid Grafton le roinnt siopadóireachta a dhéanamh.

Gan amhras, chaith siad an iomarca airgid. Ní raibh mórán le pigin rua fágtha acu.

Ach, bhí siad tuirsceach, traochta ag an bpointe seo agus bhí ocras an domhain orthu chomh maith, mar sin shocraigh siad go raibh sé in am dinnéar a ordú.

D’ith siad béile blasta i mbialann álainn agus chaith siad go leor ama ag caint agus ag comhrá faoi imeachtaí an lae.

6
New cards
term image

Níos deanaí an oíche sin, bhí rud amháin fágatha acu ar phlean an lae - bhí ticéid do dhráma ceannaithe ag Siobhán dóibh.

Thosaigh an dráma ag a hocht a chlog.

‘The Field’ le John B. Keane a bhí á léiriú.

Bhailigh siad a dticéid ag an deasc fáilte agus d’fhág siad a gcótaí sa chófra.

Bhain siad an-taitneamh as an dráma.

Ba léir go raibh lá den chéad scoth ag an bheirt acu sa chathair.