SP 11 - Timpiste sa Choláiste Samhraidh

0.0(0)
Studied by 0 people
call kaiCall Kai
learnLearn
examPractice Test
spaced repetitionSpaced Repetition
heart puzzleMatch
flashcardsFlashcards
GameKnowt Play
Card Sorting

1/6

encourage image

There's no tags or description

Looks like no tags are added yet.

7 Terms

1
New cards
term image

Sa phictiúr seo, tá triúr buachaillí, Seán, Pól agus Eoin ar tí cúrsa Gaeilge a thosú sa Ghaeltacht.

Deir a dtuismitheoirí leo a bheith cúramach, taitneamh a bhaint as an gcúrsa agus guíonn siad ádh mór orthu.

Fágann na buachaillí slán ansin lena dtuismitheoirí.

Croitheann siad a lámha acu agus iompraíonn siad a malaí isteach sa choláiste.

2
New cards
term image

Cuirtear clárama gnóthach le chéile do na daltaí.

Bíonn ranganna acu ar maidin ó leathuair tar éis a naoi go leathuair tar éis a dó dhéag.

Tar éis an lóin, bíonn cluichí páirce ar an trá agus taobh istigh acu go dtí leathuair tar éis a cúig.

Ina dhiaidh sin, filleann na daltaí ar a dtithe lóistín le haghaidh dinnéir.

San oíche, eagraítear céilí nó seó tallainne.

Faoi dheireadh, glaoitear an rolla sna tithe ag leathuair tar éis a deich.

3
New cards
term image

Le linn cluiche peile ar an trá, gortaíonn Seán a chos go dona.

Titeann sé chun talún ar nós mála prátaí.

Is léir go bhfuil sé i bpian uafásach agus é ag screadaíl in ard a chinn is a ghutha.

Tá anacair air.

Tá sé ar bhoicht Dé.

4
New cards
term image

Cuireann duine de na múinteoirí Seán sa ghluaisteán.

Is ar éigean atá sé in ann siúl.

Tá trua ag na múinteoirí eile do Sheán mar go bhfuil dúil mhór aige sa spórt.

larrann siad ar an múinteoir glaoch a chur orthu ón ospidéal atá 50 míle ón gcoláiste.

Cuirtear ciumhsóg mórthimpeall ar Shean sa charr.

5
New cards
term image

San ospidéal, tá dea-scéal ag an dochtúir agus é tar éis cos Sheáin a scrúdú.

Níl sí briste ach beidh air maidí coise a úsáid ar feadh tamaillín.

Ba cheart go mbeadh biseach air i gceann seachtaine.

Glaonn an múinteoir ar mháthair Sheáin chun í a chur ar a suaimhneas.

Is beannaithe an lá dó é.

6
New cards
term image

Ag fiche tar éis a deich, filleann Seán ar an gcoláiste agus tá an céilí faoi lán seoil.

Dar ndóigh, ní féidir leis páirt a ghlacadh sa spórt agus spraoi ach cuireann gach duine fáilte chroíúil roimhe.

Tá meangadh mór gáire ar Seán.

Ni dheanfaidh sé dearmad go deo ar an eachtra sin.

7
New cards

Ceisteanna

Cad atá ar siúl ag na buachaillí i bpictiúr a haon?
(What are the boys doing?)

Cén t-am a gcríochnaíonn na ranganna?
(What time does the class finish?)

Cén dea-scéal atá ag an dochtúir?
(What good news does the doctor have?)