1/6
Looks like no tags are added yet.

I bpictiúr a haon, feicimid Sinéad agus a máthair ar a sáimhín só os comhair na teilifíse.
Tá an Crannchur Náisiúnta ar siúl, agus tá ticéad i lámh na máthar.
Ní chreideann sí a súile nuair a fheiceann sí go bhfuil na huimhreacha cearta aici agus go bhfuil an duaischiste buaite aici! Tá gliondar an domhain uirthi, gan dabht ar bith.

I bpictiúr a dó, seolann Sinéad téacs chuig a haintín a chónaíonn i Nua-Eabhrac chun an dea-scéal a insint di.
Cloistear clingthon ag canadh sa seomra.
Feicimid Aintín Máire ina suí ina hárasán i Nua-Eabhrac agus an teachtaireacht á léamh aici.
Ligeann sí scread áthais aisti.
Tá radharc iontach aici ar chathair Nua-Eabhrac agus a cuid scríobairí spéire.

I bpictiúr a trí, pléann Sinéad agus a máthair an bua agus a gcuid pleananna don airgead atá anois acu.
Socraíonn siad cuid den airgead a bhronnadh ar an eagraíocht charthanachta ‘Trócaire’.
Faoi dheireadh, beartaíonn siad cuairt a thabhairt ar Aintín Máire i Nua-Eabhrac. Tá siad ar mhuin na muice, gan dabht!
Nach orthu atá an t-ádh.

I bpictiúr a ceathair, tá Sinéad agus a máthair ar a mbealach go Nua-Eabhrac ar eitilt Aer Lingus.
Feictear an ghrian ag spalpadh lasmuigh den fhuinneog.
Cuireann Aintin Máire fáilte chroíúil rompu nuair a thuirlingíonn siad ag aerfort JFK.
Tá lúcháir ar Mháire iad a fheiceáil, ní call a rá.
Nóiméad speisialta atá ann.

I bpictiúr a cúig, tá na mná go léir ag baint taitneamh as an mbéile deas agus gloine fíona atá ullmhaithe ag Máire.
Itheann siad sailéad Waldorf in ónóir na hócáide.
Feictear spéirlíne na cathrach ag glioscarnach tríd an bhfuinneog.
An lá dár gcionn, téann siad chun an ceoldráma ‘Mamma Mia’ a fheiceáil ar Broadway.
Tá an scuaine don dráma chomh fada le Balla Mór na Síne!
Is áit dochreidte í, dar le Sinéad!

I bpictiúr a sé, feicimid Sinéad agus a máthair ar thuras bus timpeall na cathrach.
Tugann siad cuairt ar stocmhalartán Nua-Eabhrac chomh maith le láthair an Ionaid Trádala Domhanda.
Níos déanaí sa tráthnóna, tá an deis ag na mná píosa siopadóireachta a dhéanamh in Macys agus cuid eile den airgead a chaitheamh orthu féin!
Is iomaí cuimhne a dhéantar ar an lá sin.
Mar a deir an seanfhocal: ‘Spáran trom, croí éadrom’.
Ceisteanna
Cad atá ar siúl ag Sinéad agus a máthair i bpictiúr a haon?
What are Sinéad and her mother doing in the first picture?
Cad a cheapann Sinéad faoi Broadway i bpictiúr a cúig?
What does Sinead think of Broadway in the fifth picture?
Cá bhfuil na mná ag dul i bpictiúr a sé?
Where are the women going in the sixth picture?