Géibheann

Géibheann le Caitlín Maude

Ainmhí mé

ainmhí allta as na teochreasa a bhfuil cliú agus cáil ar mo scéimh

chroithfinn crainnte na coille tráth le mo gháir

ach anois luím síos agus breathnaím trí leathshúil ar an gcrann aonraic sin thall

tagann na céadta daoine chuile lá

a dhéanfadh rud ar bith dom ach mé a ligean amach

Foclóir

  • Géibheann - captivity

  • Teochreasa - tropics

  • Saoirse - freedom

  • Daoirse - slavery

  • dochar - distress

  • díobháíl - depreviation/lack of

  • fiáin - wild

  • fáthchiallach - allegorical

  • teanntaithe - cornered

  • ísle brí - depressed

  • i gceannas - in charge

  • fuinniúil - energetic

  • sáraithe - defeated

  • spiorad - spirit

  • codarsnacht - contrast

  • ag búiríl - roaring

  • foraoiseacha - forests

  • fuinneamh - energy

  • easpa - lack of

  • ag fulaingt - suffering

  • allta - wild

  • scéimh - beauty

  • tráth - (uair amháín) one

  • ag croitheadh - shaking

  • chroithfinn - i would shake

  • gáir - roar

  • leithne - expanse

  • dhual dó - natural to him

  • in ionad - instead of

  • beocht - life

  • mínádúrtha - unnatural

  • míchothrom - unjust

  • leochaileach - vulnerable

  • seachas - instead of/compared to

  • i gcoinne a thola - against his will

Saol agus Saothar an fhile

  • Rugadh Caitlin Maude i Ros Muc i gConamara sa bhliain 1941.

  • Bhí cliú agus cáil uirthi mar amhránaí sean-nós, mar aisteoir, mar fhile agus mar ghníomhaí teanga (language activist).

  • Scríobh sí an dráma An Lasair Choille le Mícheál Ó hAirthnéíde i 1962.

  • Fuair sí bás sa bhliain 1982, de bharr ailse (cancer)

Íomhánna

Íomhánna Dearfacha

  • Tá íomhá ag tus an dáín den ainmhí nuair a bhí sé saor. Bhí stádas aige, bhí saoirse aige agus bhí an leon i gceannas air féín. Bhí sé dathúil agus bródúil as féin.

  • a bhfuil cliú agus cáíl ar mo scéímh

  • Bhí sé fuinniúil agus bhí spiorad aige nuair a bhí san áit ba dhual dó amuigh sna teochreasa. Bhí sé sona sásta nuair a bhí saoirse aige.

  • chroithfinn na crainnte coille tráth le mo gháír

  • Crúthaíonn an íomhá seo pictiúr dearfacg don saol a bhí ag an leon, atmaisféar saor agus dearfach a bhí ann

Íomhánna Diúltacha

  • I dtreo deireadh an dáín, athraíonn an t-atmaisféar. Baintear úsáid íomhánna brónacha chun uaigneas an leon. Athraíonn atmaisféar an dán leis an bhfocal ‘ach’.

  • Tá íomhá don leon sa zú, greamhaithe agus ina aonair, tá sé sáraithe agus tá a spiorad briste toisc nach bhfuil sé saor.

  • Tá an saol atá aige anois leadránach agus mí-nádurtha dó. Níl fuinneamh nó suim aige a dhá shúil a oscailt.

  • ach anois luím síos agus breathnáim trí leathshúil

  • Is íomhá an-truamhéalach é seo ar fad.

  • Ní féidir le héinne é a shábháil, tagann daoine gach lá chun féachaint air. Is taispéantas an ainmhí anois. Níl sé i gceannas air féin anois.

Teicnící Filíochta

Meafar

  • Is dán fáthchiallach (Allegorical) é an dán seo. Baineann an file úsáid as an leon mar mheafar chun cur síos a dhéanamh ar a saol trí shúile an leon.

  • Tá Caitlín Maude cosúil leis an leon, tá sí i ngéíbheann mar tá sí ag fulaingt le hailse. Tá eagla an domhain uirthi mar ní féidir leí dul thar nais go dtí a seansaol.

  • Seasannn an t-ainmhí d’aon duine a bhraitheann caillte , nach mothaíonn saor nó ábalta leanúint ar aghaidh leis an saol mar atá sé anois.

  • Táispéanann an íomha sa dara leath, an ísle brí a thagann ar dhaoine nuair nach bhfuil siad saor.

Pearsantú

Tugann an fhile tréithe don ainmhí agus tuigimid pian an ainmhí níos fearr mar gheall air sin. Tá an t-ainmhí ag labhairt sa chéad phearsa tríd síos, ag labhairt go díreach linn, agus múclaíonn sésin trua ionainn dom ainmhí bocht. Tugann an teicnic seo - an phearsantú - beocht agus dramaíocht don dán agus tugann sé fírinne do na mothúcháin.

Ainmhí mé….. a bhfuil cliú agus cáil ar mo scéimh

Mothúcháin

Féarg

  • Is léir sa dán seo gurb é an fearg ceann do na príomhmhothúcháin.

  • Tá féarg an domhain ar an leon de bharr go bhfuil sé sa chás, níl sé saor agus níl sé sásta faoi seo. Ba mhaith leis dul thar nais go stí na teochreasa, thar nais go dtí an t-seansaoil a bhí aige.

  • Ní féídir le héinne é a shábháil agus níl sé sásta faoi seo ach oiread, is taispéantas é sa zú.

  • Tá féarg ar an bhfile freisin, mar go bhfuil ailse aici agus ní féídir le héinneé seo a shocrú ach oiread.

  • Tá an saol go huafásach leis an tinneas seo, tá sí ar tuille faoi.

Eagla

  • Tá eagla le feiscint go soiléir sa dán seo fresin.

  • Cé go ainmhí an-chumhachtadh é an leon, tá sé scanraithe faoin saol atá aige anois.

  • Tá an leon bocht scanraithe ina bheatha agus ní féídir leis aon rud a dhéanamh faoi. Níl ach chumhacht aige anois. Tá imní an domhain air.

  • Gan amhras tá éagla ar an bhfile fresin mar gheall ar an ailse. Tá sí ar leaba a bháis, tá an-bhrú uirthi anois. Tá sí gafa sa phríosún coúíl leis an leon.

  • Níl mórán ama fágtha aici anois.

robot