“Mol an óige agus tiocfaidh sí; cáin an óige agus titfidh sí”, mar a deir an seanfhocal. In Éirinn, áfách, b’fhearr le daoine i bhfad a bheith ag cáineadh daoine óga an t-am ar fad. San aiste seo, beidh mé ag caint faoi na deiseanna atá ar fáil do dhéagóirí sa lá atá inniu ann agus na fadhbanna a bhaineann lena saol.
Ar dtús, tá coras oideachais den scoth sa tír seo agus tá go leor deiseanna ag daoine óga ar scoil na laethanta seo. Tá rogha leathan againn maidir le scoileanna in Éirinn. Chomh maith le sin, tá réimse leathan ábhar ar fáil do scoláirí idir ábhair acadúla agus ábhair phraiticiúla. Ní gá dóibh mórán a íoc as freisin. Ar scoil, bíonn seans ag daoine óga dlúthchairde a dhéanamh, foghlaimíonn siad féinmhuinín agus conas a bheith freagrach. San idirbhliain, bíonn seans ag daltaí neamhspléachas a fhoghlaim agus triail a bhaint asrudaí nua gan bhrú na scrúdaithe orthu.
Tá an-chuid deiseanna ag daoine óga i saol an spóirt na laethanta seo freisin. Imríonn déagóirí spórt ar fud na tíre gach lá. Tugann an spórt seans do dhéagóirí a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí speisialta. Tugann spórt foirne seans dóibh scileanna éagsúla a úsáid agus a fhoghlaim. Foghlaimíonn siad neamhspléachas agus rannpháirtíocht agus bíonn seans ag daoine óga a bheith aclaí agus slaintiúil freisin.
In ainneoin na deiseanna atá ar fáil do dhéagóirí, níl sé éasca a bheith óg in Éirinn an t-am ar fad. B’fhéidir an rud is mó a chuireann isteach orainn ná an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta. Cé gur rudaí iontach iad Snapchat agus TikTok chun fanacht i dteagmháil le do chairde agus do chlann, bíonn go leor fadhbanna ag baint leo freisin. Tá ceamara ar gach fón cliste anois agus bíonn bulaíocht ar siúl ar líne mar thoradh. De réir taighde nua a rinneadh le déanaí, rinneadh ciberbhulaíocht ar 28% de dhaoine óga in Éirinn le linn phaindéim Covid-19. Is brónach an scéal é go gcuireann déagóirí lámh ina mbás féin mar gheall ar seo in Éirinn.
Chomh maith le sin, bíonn go leor foréigean agus pornaghrafaíochta le feiceáil ar líne agus cruthaíonn siad seo fadhbanna do dhaoine óga freisin. Scaiptear scéalta an-tapaidh ar líne freisin agus uaireanta ní bhíonn an fhírinne iomlán iontu. Agus tá brú ar dhéagóirí ar na meán shóisialta freisin. Bíonn brú orthu a bheith tanaí nó aclaí nó sásta an t-am ar fad nuair a bhreathnaíonn siad ar na tioncairí ar Instagram agus TikTok.
Ar scoil, cuireann brú scrúdaithe agus rás na bpointí isteach ar dhéagóirí freisin. Tá brú orthu caighdéan an-ard a bhaint amach más mian leo dul ar aghaidh go dtí oideachas tríú leibhéal. Chomh maith le sin, ní thugann rás na bpointí aon aird ar na déagóirí féin. Cé go bhfaigheann duine 625 pointe, ní fíor a rá go mbeadh an duine sin go maith sa chúrsa áirithe sin. Ba chóir córas eile a chur i bhfeidhm bunaithe ar phearsantacht an duine freisin b’fhéidir.
Taobh amuigh den scoil, cuireann cairde brú ar dhaoine a bheith ag ól nó ag glacadh drugaí 25agus uaireanta bíonn sé níos éasca dóibh géilleadh don bhrú. Téann daoine chomh hóg le ceithre bliana déag d’aois amach ag an deireadh seachtaine agus bíonn alcól acu. Is rud dáinséarach é seo agus is minic nach dtaitníonn sé ag daoine óga freisin. Is fíor le rá, “nuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an chiall amuigh”.
Mar a dúirt mé san aiste seo, tá deiseanna iontacha sa lá atá inniu ann do dhéagóirí ar scoil agus i saol an spóirt in Éirinn. Is mór an trua go bhfuil fadhbanna ag daoine óga sa tír seo freisin a bhaineann leis na meáin shóisialta, brú na scrúdaithe agus brú an alcóil. Ba cheart do thuismitheoirí comhairle a thabairt dóibh chun iad a stiúradh sa bhealach ceart.