File: Rugadh agus tógadh é sa bhliain 1942 ar Ard an Ratha, Contae Dhún na nGall. Bhí sé ina mhúinteoir agus príomhóide meanscoile ar feadh tamaill. Ina shaol ag obair sa mheanscoil, chonaic sé a lán daltaí ag fulaingt toisc go raibh a dtuismitheoirí míshona le chéile. Bhíodh sé ag aisteoireacht in Amharchlann an Damer i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé tógáil i gcúrsaí drámaíochta (taking drama courses). Tagann an dán Colscaradh ón gcnuasach filíochta Solas Uaigneach (1992). Scríobh sé Taibhsí an Chreagáin (1976) freisin. I measc na leabhar eile, scríobh sé an Teach Glas agus Scéalta Eile (2008). Sa bhliain 2014, seoladh trí ghearrscéal nua dá chuid ‘An Coinín Cliste’, ‘An Mhallacht’ agus ‘Ned faoi Bhinn’.
Téama: Baineann an dán seo le deacrachtaí (difficulties) caidrimh idir dhaoine pósta. Sa dán seo, feicimid fear traidisiúnta pósta le bean nua-aimseartha. Nuair a phós an fear, shantaigh sé saol socraithe i measc a mhuintire. Ach nuair a phós an bhean, shantaigh sí neamhspleáchas (independence) ina saol. Bhí an fear ag iarraidh go mbeadh clann agus teach compordach aige, ach bhí an bhean ag iarraidh laethanta saoire thar sáile agus meas ó dhaoine eile. Tá easpa tuisceana le feiceáil idir an bheirt, agus níor réitigh siad le chéile dá bharr. Theip ar an chleamhnas agus, sa deireadh, scar siad. Is téama eile é mianta an duine. Déantar cur síos cruinn ar na mianta difriúla a bhí ag an fhear agus an bhean. Difríochtaí doréitithe ba chúis leis an bhriseadh.
Mothúcháin: Is iad grá, brón agus díomá na mothúcháin a mhúsclaíonn an dán seo ionam. Baineann an dán seo le téama atá brónach ach, ar an drochuair, réalaíoch ar fad. Sa chéad véarsa, tugann an file pictiúr dúinn de theach breá, cluthar. Is íomhá tíriúil traidisiúnta é seo. Sa dara véarsa, feicimid meon difriúil ar fad. Shantaigh an bhean cumhacht agus údarás ina saol. Ba mhaith léi a bheith ar chomhchéim (equal footing) lena fear chéile. Tá codarsnacht le feiceáil idir an dá dhearcadh. Cuirtear deireadh tobann leis an dán sa deireadh. Tá díomá trom le brath sa dá line deiridh. Ní féidir na fadhbanna caidrimh a réiteach, agus cuireann sin brón an domhain orm.
\n
colscaradh - le Pádraig Mac Suibhne