Imreoir Gortaithe

Pictiúir a haon/ An chéad phictiúir

  • -An Aoine bhí ann

  • -Bhí cluiche iomána ar siúl sa pháirc imeartha.

  • -D’imir scoil Eoin i gcoinne Coláiste Phádraig

  • -Bhí scoil Eoin chun tosaigh le cúl amháín agus 3 chúilín.

Pictiúir a dó/ An dara pictiúir

  • -Ba é an dara leath den chluiche agus bhí an cluiche an-gharbh.

  • -Bhuail an sliotar ar Liam agus ghortaigh sé a chos i lár na páirce.

  • -Thit sé ar an talamh.

  • -Lig sé béic as.

  • -Rith an réiteoir chuige. 

 

Pictiúir a trí/ An tríú pictiúir

  • -Tháinig an t-otharcharr

  • - Tógadh Liam go dtí an t-ospidéal.

  • -Shroich siad an t-ospidéal (an otharlann) ar a trí a chlog agus cuireadh Liam ar sínteán.  

  • -Bhí slua mhór ag fanacht sa seomra timpiste & éigeandáil

Pictiúir a ceathair/ An ceathrú pictiúir

  • -Ní fhaca Liam an dochtúir go dtí a cúig a chlog mar bhí siad an-ghnóthach.

  • -Rinne an dochtúir imscrúdú air agus dúirt sí go raibh x-ghá ag teastáil.

  • -Bhí eagla ar Liam bocht & a bhainisteoir imníoch

Pictiúir a cúig/ An cúigiú pictiúir

  • -Tar éis an x-ghá d’inis an dochtúir an droch-scéal leis.

  • -Bhris Liam a chos go dona agus bheadh air a scíth a ligint ar feadh tamaill.

  • -Bhí an t-imreoir agus a bhainisteoir cráite mar ní bheadh sé in ann imir leis an bhfoireann le fada.

    Pictiúir a sé

  • - Bhí díomá an domhan ar Liam agus a bhainisteoir.

  • -Ní bheadh sé ábalta iománaíocht a imirt ar feadh 5 mhí.

  • -Céard a dhéanfadh sé ar feadh cúig Mí?

  • -An bhfoghlaimfidh sé conas ficheall a imirt? An t-imreoir bocht!