riospráid

Is próiséas cheimiceacha agus próiséas bhitheolaíoch í an riospráid ~ Bithcheimiceach.

Is próiseas ceimiceach é an riospráid de bharr go gcumtar substaint(í) nua.

Is próiseas bitheolaíoch é an riospráid de bharr go dtarlaíonn sé i gcealla beo agus de

bharr go mbíonn einsímí bainteach leis.

Riospráid a thugar ar an tslí a mbristear síos bia chun fuinneamh a scaoileadh amach, ag

úsáid ocsaigin, i ngach cill den chorp.

Tarlaíonn sé sna miteachondre de ghach ceall.

C6H12O6 + 6O2 → 6H2O + 6CO2 + fuinneamh

Is sampla í an riopráid d’ imoibriú eisiteirmeach ~ scaoileann sé teas.

Riospráid aeróbach ~ riospráid ina mbíonn ocsaigin de dhíth.

Riospráid anaeróbach ~ riospráid mura mbíonn ocsaigin de dhíth. Tarlaíonn sé sa

citeaplasma nuair nach mbíonn i ndóthain ocsaigin ar fáil. Bíonn sé de chúis aigéad lactach

sna mátáin ~ crampa mhatáin.

Tosca a Théann i bhFéidhm ar an Ráta Riospráide:

Teocht

An méid ocsaigin atá ar fáil.

An méid glúcós atá ar fáil.

An méid uisce atá ar fáil.

Riospráid Vs Fotaisintéis

1) Tarlaíonn sé sna miteachondre de

ghach cill

1) Tarlaíonn sé sna clóraplast i gcealla

phlandaí

2) Imoibriú eisiteirmeach 2) Imoibriú inteirmeach

3) Úsáidtear glúcós & ocsaigin 3) Déantar glúcós & ocsaigin

4) Déantar CO2, H2O agus fuinneamh 4) Úsáidtear CO2, H2O agus fuinneamh

5) Is féidir leis tarlú i rith an lae agus

istoíche.

5) Tarlaíonn sé le linn an lae amháin

2

N. Ní Dhrisceoil

Ag léiriú go dtarlaíonn riospráid:

1. Maraítear na piseanna/síolta tríd iad a fiúchadh ar feadh cúpla nóiméad.

2. Cuir an treallamh le chéile mar a thaispeántar sa léaráid.

3. Tomhas an teocht i ngach fleasc.

4. Fág thar oíche.

5. Tomhas an teocht arís.

6. Déan taifead ar na torthaí.

Toradh:

D’ardaigh an teocht i bhfleasc A ach níor athraigh sé i bhfleasc B.

Conclúid:

Tá na piseanna beo ag scaoileadh fuinneamh i bhfoirm teas nuair a dhéanann said riospráid.

robot