Filleann an Fón

Pictiúr 1
An tseachtain seo caite chuaigh Niamh, Dáithí, Clíodhna agus Darragh chuig bialann Iodálach(Id-aw-luck). Chuir an freastalaí fáilte ghroíúil rompu(rum-puh) Threoraigh chuig bord iad. Tá an-cháil ar an mbialann seo, Pasta Blasta, agus bhí an ceathrar acu ag súil go mór leis an mbéile.
Pictiúr 2
Bhreathnaigh siad ar an mbiachlár agus cuireadh(cuir-a) uisce lena bhfiacla. Pasta na Róimhe(Rome-hee) ba ea an sladmhargadh(slad-var-ga) don deireadh seachtaine. An fhaid is a bhí siad ag bhreathnú ar an mbiachlár, thug Dáithí faoi deara go raibh fón ar an úrlár. Caithfidh(caith-hee) sé go raibh sé caillte(koyle-cha) ag duine éigin.
Pictiúr 3
Chuaigh sé chomh fada leis an bhfreastalaí agus mhínigh sé an scéal dó. Ghabh an freastalaí buíochas le Dáithí. Dúirt sé go gcoimeádfadh(go-mád-hock) sé an fón don té ar leis é. Bhí Dáithí bródúil as féin mar go raibh an rud ceart déanta aige.
Pictiúr 4
Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig a mbéilí. Bhí píotsa agus pasta acu. Bhí coke agus uisce acu le h-ól. Cheap siad go raibh sé an-bhlasta agus réasúnta ó thaobh an phraghais(fry-sh). Ag an am céanna, bhí fear tar éis a thabhairt faoi deara go raibh a fhón caillte aige agus d’fhill sé ar an mbialann.
Pictiúr 5
Lig sé osna faoisimh nuair a dúirt an freastalaí go raibh an fón aige. Chuaigh sé anonn(anoon) chuig Dáithí le buíochas ó chroí a ghabháil leis. Mhínigh sé go raibh an fón an-tábhachtach dá chuid oibre. Bheadh sé i bponc ceart gan é.
Pictiúr 6
Bhí sé chomh buíoch sin gur thóg sé nóta €20 as a phóca agus d’ordaigh sé milseog don cheathrar. Bhí aoibh an-gháire orthu nuair a tháinig an freastalaí leis an milseog bhlasta d’uachtar reoite. Is iad a bhí sásta! Mar a deir an seanfhocal ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’.
Ceisteanna
Cá raibh siad i bpictiúr a haon?
Déan cur síos ar an mbainisteoir/ar an bhfreastálaí
Cé mhéad duine atá le feiceáil i bpictiúr a cúig?
Cén mhilseog a fuair siad i bpictiúr a sé?
Cén sórt bialainne í?
Conas a mhothaigh úinéir an fhóin i bpictiúr a ceathair?
Foclóir
Léine stríocach dubh agus bán =black and white striped shirt