Mo Ghrá Sa (Idir-Lúibíní) le Nuala Ní Dhomhnaill
Saol agus Saothar
Nuala Ní Dhomhnaill a scríobh an dán seo.
Rugadh in 1952 i Sasan í.
Rinne sí staidéar ar an ngaeilge agus ar an mBéarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Foilsigh sí Feis i 1991.
Eocharphointí an Dáin
Iomhanna
Sa dán seo, tugann Nuala Ní Dhomhnail cur síos deas magúil dúinn ar a fir. Déanann sí comparáid idir dúlra agus tréith agus dathúlacht a fir. Roghnaíonn sí gnéithe dá grá agus déanann sí magadh fúthu.
Ní a grá cosúil leis an mbláth airne ag fás sa ghairdín nó ar chrann i vearsa a haon - comparáid mhaslach idir an fear agus dúlra anseo.
Deir sí go magúil - má tá nasc/baoint ag a grá le nóiníní, beidh siad ag fás as a chluasa nuair atá sé marbh san uaigh. Comparáid mhaslach eile idir an fear agus dúlra anseo.
Cáineann sí a fear, ag rá nach bhfuil a shúile cosúil le sruthán ceolmhar, ag rá go bhfuil a shúile róghar dá chéile - níl sé dathúil.
Maslaíonn sí a chuid gruaige freisin. Dar léi, tá a chuid gruaige cosúil le sreang dheilgneach cosúil le bean dubh Shakespeare - tagairt do shoinéad 130 le Shakespeare.
Ach sa deireadh, is cuma léi faoi cuma a fir. Is duine deas, cineálta, flaithiúil é. Tugann sé ‘úlla’ agus ‘caora finiúna’ di. Tugann sé aire - na riachtanas an tsaoil (úlla) - di i gcónaí. Nuair a bhíonn fonn air, tugann sé rudaí speisialta dí - na sónna an tsaoil. Dar léi, tá pearsantacht a fir i bhfad níos tábhactaí ná cuma a fir.
Teachtaireacht an Dáin
Sna seandánta grá, tugadh pictiúr de bhean álainn fhoirfe agus cuireadh í gcomparáid leis an dúlra.
Déanann an fhile an mhalairt sa dán. Luann sí ‘bean dhubh Shakespeare’ chur leid a thabhairt dúinn faoin inspioráid a bhaineann leis an aoir seo.Tá sí ag magadh faoi na seandánta grá a chuir béim mhór ar an gcorp agus ar chuma fhisiciúil an duine seachas ar phearsantacht an duine - cosúil le Shakespeare agus a sonnéad 130.
Téama
Tá greann agus grá mar théama sa dán seo.
Téamaí eile grean, aoir, áibhéil.
Tá greann le feiceáil sa dán seo mar is aoir é - tá an file ag magadh faoi íomhá nósmhar an ghrá a bhíonn le feiceáil sna seandánta agus meáin is dócha.
Cuireann an file béim ar na tréithe fisiciúla mídhathúla a grá.
Tá an cur síos áibhéalach ach tá sé thar a bheith greannmhar fós.
Ceaptar go léiríonn an dán seo an frustrachas a bhí ar Nuala Ní Dhomhnaill leis na seanfhilí agus an méid béime a chuir siad ar dhathúlacht agus ar chuma fhisiciúil an duine, gan trácht ar phearsantacht an duine.
Úsáideann sí dúghreann, ioróin agus áibhéil chun cur leis an ngreann sa dán.
Mothúchán
Grá
Tá grá mar mhothúchán sa dán seo - grá simplí, nádúrtha, laethúil, réalaíoch atá i gceist.
Tá an file go hiomlán i ngrá lene fear in ainneoin a chuma.
Tá meas aici ar a dhe-thréithe agus is cuma léi faoina chuma.
Tuigeann an file na rudaí is tábhachtachtaí sa ghaol.
Na Luibíní agus an Teideal
Úsáideann an file luibíní go maith ar dán.
Feictear iad sa teideal ar dtús.
Is teideal cliste é mar cuireann sé focas an leitheora ar na líntí sna luibíní sa dán.
Tuigimid ó na líntí sin nach bhfuil sí dáiríre faoin gcur síos a fear.
Tá sí ag magadh faoi agus ag magadh faoi na seandánta freisin.
Mar shampla, i véarsa a trí deir sí go bhfuil a shúile róchóngarach dá chéile agus nach bhfuil siad ceolmhar.
Ach is aoir é agus tá sí ag magadh.