An Triail - Téama an dráma

Is í fimíneacht mhuintir na héireann i lár an chéid seo caite (hypocrisy of the people of Ireland) téama an dráma seo. Déantar forbairt ar an téama seo (This theme is developed) i rith an dráma trí chás Mháire Ní Chathasaigh.

Nil aon dabht ach go raibh sochai na hEireann lofa le fimineacht (rotten with hypocrisy) ag an am a scriobhadh agus a bunaiodh an dráma seo. Bhí ról láidir ag an Eaglais Chaitliceach sa tir agus bhi tionchar mór aici ar shochai agus ar mhuintir na tíre. Ach cé go bhfuil barraíocht religiúin (excess of religion) le sonrú in 'An Triail', tá an chriostaíocht an-ghann (Christianity very scarce) ann.

Pléann an dráma seo le cailínóg singil, Máire Ni Chathasaigh. Ina dhiaidh chaidrimh collaí le fear pósta, tá Máire ag iompar clainne. Ba mhór an chonspóid í ag an am sin in Éirinn cailin óg neamhphosta a bheith torrach. San Eaglais, ceapadh gur peaca marfach é caidreamh collai a bheith ann idir lánúin neamhphósta. Ceapadh gur rud náireach agus neamhghlan é a bheith torrach gan a bheith pósta agus rinneadh na cailíní bochta sa chás sin a imeallú. Ba mhinic a rinne siad iarracht ginmhilleadh a dhéanamh. Thréig a dteaglaigh iad go minic. Bhí an fhadhb seo forleathan in Éirinn ag an am. Gan dabht ar bith, mhair Máire i sochai chrua, fhimineach, mhithrócaireach (unmerciful), nach raibh mórán criostaíochta ná carthanachta (charity) ag baint lei.

Fear gan puinn scrupaill (without any scruples/morals) is ea Pádraig, leannán Mhaire. Is fear póstaé, ach ni féidir leis smacht a choinneáil ar a mhianta (cannot control his desires). Is duine é a théann i bhfeidhm ar chailini óga soineanta (takes advantage of young innocent girls) cosúil le Máire. Tá an fhimíneacht le feiceáil go láidir sa charactar seo - feicimid duine de 'cholúin na sochai' (Pádraig) (a column of society) ag briseadh na rialacha. Is duine glic (sly), gránna é Pádraig agus cuirean se bru ar Mhaire gan a ainm a lua le héinne (pressures her not to mention his name to anyone).

Feictear téama na fimíneachta seo go soiléir i gcarachtar na máthar. Is fimineach amach is amach i. Is beag grá a léirion Bean Ui Chathasaigh dá hinion agus í in umar na haimiléise (in a miserable plight). Tugann sí bata agus bóthar di (She throws her out) agus deanann si arracht 'deireadh a chur leis an ngin a bhi fós gan bhreith i mbroinn Mhaire. Is bean chraifeach i ach ní bean chríostúil i (devout but not Christian). Ni léirion si aon chriostaiocht ná fiú aon gh máthar dona hinion féin agus i i dtrioblóid. Dar léi, tharraing Máire naire uirthi (She brought shame on her), os comhair an pharóiste agus os comhair na comharsan agus tá si níos buartha faoi sin na faoi fhollaine/shláinte a hinine (more worried about that than the wellbeing/health of her daughter.)


Ní chabhraíonn a muintir ná a cairde le Máire. Ní chabhraíonn na sagairt ná na seirbhísi sláinte léi. Dúntar an doras ina haghaidh (The door is closed in her face). Tréigtear í agus déantar í a sheachaint agus a imeallú (She is abandoned, avoided and marginalised). Tá gach duine buartha faoin bpeaca a rinne sí agus faoi thuairimi na gcomharsan. Nil éinne buartha faoi Mháire bhocht féin ná faoin gcruachás ina bhfuil sí (No one is worried about poor Máire or the handship she's in). Caitear go dona léi (She is badly treated) agus tá an tsochaí agus gach éinne a mhaireann thart timpeall uirthi ciontach as ar tharla di (society and everyone around her is guilty for what happened to her). Cé go bhfuil an tsochaí chéanna maos le reiligiún (steeped in religion), ní léirítear críostaiocht ná trócaire ar bith do Mháire (no christianity or mercy is shown to Máire). Léiríonn sé seo téama na fimíneachta go laidir sa dráma seo.

Cuirtear an milleán (the blame) ar Mháire féin sa dráma mar gheall ar thionchar na hEaglaise. Is striapach (prostitute) í Máire i súile an phobail agus i súile na heaglaise. Níl an dara rogha aici (She has no choice) ach imeacht ó bhaile agus nil i ndán di ach dibirt agus tragóid (all that awaits her is banishment and tragedy). Mar a deir Seáinín an Mhótair: 'Bhris sí na rialacha. An té a bhriseann rialacha an chluiche cailltear ann é.' Briseann Máire na rialacha (rialacha fimíneacha na sochaí agus na heaglaise) agus íocann sí go daor as (she pays dearly for it).


Chaití go dona le cailíni singil (badly treated) a raibh páistí acu ag tús na seascaidí. Níor theastaigh ó éinne aon bhaint a bheith acu leo (No one wanted anything to do with them.)
Chaití leo amhail is dá mba choirpigh iad (treated like criminals). Bhi caighdeán dhúbhailte (double standard), an bhréagchráifeacht agus an fhimineacht i gceannas ar (in charge of) an tír.

Tugtar léargas cuimsitheach (compreensive insight) dúinn ar shaol agus ar shochaí na hÉireann i lár an chéid seo caite sa dráma seo. Cuirtear an cheist: 'Cé a deir gur tír chríostai í seo?' Fágtar fúinne, an lucht féachana, an cheist sin a fhreagairt (It is left to us to answer this question). Ní pictiúr álainn rómánsúil de thír na hÉireann a chuirtear os ár gcomhair, ach pictiúr gránna, lán de chúngaigeantacht, de bhréagchráifeacht agus d'fhiminteacht.

robot