Hurlamaboc - Achoimhre
Is aoir nua-aoiseach é an sliocht seo as an úrscéal Hurlamaboc.
• Baineann an sliocht seo le saol na mean-aime in Éirinn. Is aoir é an t-úrscéal nua-aimseartha seo ina fheicimid gnéithe den saol nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i réim. Tugann sé léargas dúinn ar shaol, ar mheon agus ar luachanna na meán-aime.
• Cruthaíonn an t-údar íomhá d'ascaill éigin i mBaile Átha Cliath. Bóthar 'fionn, foirfe' atá ann agus tá gach bean ar an mbothar fionn agus foirfe chomh maith, go háirithe Lisín, máthair Ruán. Tá na má ar an mbóthar ar fad mar an gcéanna - néata agus faiseanta. Tá gruaig thion ar gach duine acu, seachas ar Eibhlin Ni Loinsigh, agus creideann na mná eile go bhfuil sí an-aisteach.
• Tá gach teaghlach sa cheantar an-saibhir, cliste agus dathúil.
• Baineann an sliocht le muintir Albright - teaghlach atá ina chónaí i mbruachbhaile faiseanta. Cé go bhfuil an teaghlach seo saibhir agus go bhfuil Lisín "foirfe" mar bhean, tuigimid nach mockina bhfuil Ruán róshona ann féin. Is léir go bhfuil an scribhneoir ag déanamh scigmhagadh ar luachanna na meánaicme.
• Tá Lisín agus Pól pósta le fiche bliain agus tá Lisín ag eagrú cóisir mhór mar cheiliúradh. Tá gach rud eagraithe aici don chóisir. Tá an reoiteoir lán le bia agus tá reoiteoir breise tógtha ar cíos aici. Tá an dá cheann lán le bia deas; pióga, ispíní, bradán, arán lámhdhéanta agus rudai milse. Beidh an chóisir ar siúl sa ghairdín má bhíonn an aimsir go maith, ach má bhíonn an aimsir go dona beidh an chóisir ar siúl sa teach. Tá an spás acu mar tá teach mór acu, agus é ar fad in ord agus in eagar. Tá sé glan, néata agus snasta, cosúil le Lisín féin.
•Ach taobh thiar den fhoirfeacht seo tá an-chuid fadhbanna ann, idir mathair agus mac mar notas it secams shampla. Ní mar a shiltear a bítear, mar a deir an seanfhocal.
• Tá Lisín féin néata agus álainn, agus tá a teach néata agus álainn chomh maith. Ach feicimid snobby cé chomh baothghalánta is atá meon na ndaoine ar an ascaill. Ni aontaionn Ruán le meon a thuismitheoiri, fach. Tuigimid go bhfuil mishuainneas air. Nit sé ag suller sangco an gcóisir, cé go ndeir sé a mhalairt lena mháthair. (Ni bheidh an chóisir cool mar a deir sé; ceapann sé go mbeidh sé crap.)
• Ni fhaighimid ach sracfhéachaint ar shaol mhuintir Albright sa sliocht seo ach tuigimid láithreach nach bhfuil gach rud chomh foirfe is a cheapann Lisín.
• Bhí an Tíogar Ceilteach i réim in Éirinn san am a scriobhadh an t-úrscéal seo. thot his déanta ag Pól Albright. Tà sé tabhachtach don teaghlach go mbeadh an ceiliúradh so-theicthe do na comharsana ar fad. Féachann Lisín ar an gcóisir mar "chaithréim".
• Léiríonn an meon seo ábharachas i measc na meánaicme roimh an gcúlú eacnamaíochta. Léirionn an t-údar na hiarrachtai a dhéanann mná coinneáil suas lena chéile. Feictear an tsuim a chuireann siad san fhaisean chun bheith chomh dathúil agus chomh galánta le gach bean eile. Fiú nuair a théann said amach leis an mbruscar, caitheann siad gúnaí oiche deasa.
• Déantar cur síos inchreidte (réalaioch) ar an saol rachmasach agus ar an gcaighdeán ard beatha a bhí sa tír sular thosaigh an cúlú eacnamaiochta.
• Tá ioróin ar leith in ainm an teaghlaigh "Albright", mar tugann sé le fios go bhfuil gach rud i gceart. Ach is léir go bhfuil rud éigin in easnamh i saol an teaghlaigh seo agus leis an stil bheatha seo i gcoitinne.
• Tá macallai an scannáin Stepford Wives agus an chláir Desperate Housewives le sonrú go láidir sa sliocht seo.
• Úsáidtear greann éadrom sa sliocht, greann atá ceilte i gcomhthéacs an ábhair. Tá sé le sonrú sa chur síos a dhéantar ar Lisín go bhfuil an t-údar ag magadh fúithi agus faoina saol. Tá greann le feiceáil sa chuntas faoi na máithreacha eile ar Ascaill na Fuinseoige, mar go bhfuil siad go léir cosúil lena chéile. Tá an t-údar ag aoradh agus ag magadh faoin stil bheatha a chleachtann siad.
• Déantar scigmhagadh agus aoradh ar an meánaicme sa sliocht seo. Cuirtear an-bhéim ar fad ar earraí saolta agus ábharachas, ar airgead, ar bhaothghalántacht agus ar 'choinneáil suas le Muintir Mhic Sheoin'
• Tá magadh agus aoradh sa chur síos a dhéantar ar Lisín agus ar an gcóisir, ar an teideal 'Muintir Albright' agus nuair a deirtear linn go raibh Lisín 'foirfe'.
• Tá sé soiléir go bhfuil an t-údar ag aoradh na mban seo. Ní aoradh fiochmhar, maslach géar atá i gceist ach aoradh éadrom. Is é an sloinne atá ar theaghlach Lisin ná 'Albright'. Tá siad go léir gealgháireach, álainn, éirimiúil, cliste, sona, sásta, saibhir agus gan cíos, cás ná cathú orthu. Tá deighlt ollmhór idir iad agus an chosmhuintir agus tuigeann siad go maith é. Is daoine baothghalánta, ardnósacha iad.
• 'Fiú amháin agus iad ag rith amach leis an mbruscar bhiodh gúnaí oíche deasa orthu agus ghruaig cíortha go néata acu, ionas go duigfeadh na fir a bhailigh an bruscar gur daoine deasa iad!
• Feicimid géire an scigmhagaidh ag crioch an tsleachta. Deirtear linn go bhfuil Lisin ina balde mhórán eagraiochtaí agus clubanna, ní ar mhaithe le leas an phobail, áfach, ach ar mhaithe lena híomha féin sa tsochaí. Tugtar le tuiscint don léitheoir ag an bpointe seo gur duine éadomhain, fimineach, falsa i Lisín. Bhí sí bainteach le clubanna agus le heagraiochtai ní ar mhaithe le carthanacht ach ar mhaithe le go mbeadh sí chun tosaigh ar a comharsana agus go spreagfadh sí éad iontu.
• Aoir atá sa sliocht seo, gan dabht, agus is aoir an-ghlic é Na Carachtair agus an caidreamh eatarthu.