Cáca Milis

Téamaí

Cruálacht/Claonadh Chun Oil

Conas a chaitear le daoine faoi míchumas.

  • Tugann na téamaí leiriú ar na fadhbanna le sarú ag daoine faoi míchumas gach lá.

Na Carachtair

Catherine

  • Cúramóir - Thug sí aire dá máthair tinn a bhí i gcathaoir rotha.

  • Duine mífhoighneach í - Tá éalú ag teastáil uaithí ón a máthair, ní ligeann sí dí dul go dtí an letihreas. Tá sí crualacht ine leith.

  • Is léir go raibh sí ciaptha cráite ag a máthair.

  • Nuair a théann sí isteach ar an traein níl fada uaithi ach suí síos ina haonar ar a sáimhín só chun a leabhar a léamh.

  • Níl caint, caidreamh, ná comhrá ag teastáil.

Paul

  • Ansin, tagann Paul isteach.

  • Is duine dall é Paul a mbíonn cráite ag an asma chomh mhaith.

  • Braitheann sé ar a análoír go rialta.

  • Teastaíonn bata siúil agus dá bharr tá sé ciotach.

  • Déanann sé a lán torainn agus é ag teacht isteach ar an traein agus nuair a shuíonn sé os chomhair catherine ba bheag nár bhuail sé í lena bhata siúil.

  • Ní mó ná sásta atá Catherine agus ligeann sí osna aisti le teann mífhoigne.

Teannas

  • Lastar tine an teannas nuair a shuíonn Paul trasna ó Catherine.

  • Duine cainteach cairdiúil é Paul agus tá áthas air go bhfuil duine ann chun labhairt leis - bean ach go háirithe!

  • Is aoibhinn le Paul a bheith ag caint agus ag maíomh. Ní fada é ar an traein nuair a thosaíonn sé ag caint agus ag cur ceisteanna ar Catherine.

  • Bhuaileann a chosa cosa Catherine faoin mbord. Is léir go bhfuil Catherine ag éirí mífhoighneach cheanna féin.

  • Tá gearranáil ar Paul agus braitheann sé ar a análóir - míníonn sé go raibh an t-asma air ó aois fhíofóg.

  • Is léir ó aghaidh Catherine gur cuma léi - níluaithi ach a leabhar a léamh.

An Cáca Milis

  • Tógann Paul cácá milis as a mhála.

  • Tá dath bándearg air.

  • Ní stopann Paul ag caint, dúirt sé go raibh fhios aige cad a bhí lamsuigh den fhuinneog cé go raibh sé dall.

  • D’iarr sé ar Catherine ceisteanna a chur air faoi na radhairc a bhí taobh amuigh den fhuinneog.

  • Is léir ó aghaidh Catherine go raibh Paul dá crá agus dá céasadh.

  • Bhí fearg an domhain urithi. Is beag trua a léirigh sí dó. Ansin, bhuail smaoineamh.

An Pictiúr

  • D’iarr Paul ar Catherine aisteanna a chur air faoi na radhairc ón bhfuinneog.

  • Rinne Paul cur síos ar an radharc.

  • Ach rinne Catherine cleas ar Paul bocht.

  • Dúirt sí go raibh loch agus báid ann nuair nach raibh siad.

  • Bhí Paul trína chéile agus bhuail taom asma é.

  • Bhain Catherine taitneamh as mar is duine crualacht í. Is léir go bhfuil sí ag baint taitneamh as é a chrá.

An Caifé

  • Tágann an freastalaí.

  • Tá áthas ar Paul.

  • Iarann sé ar Catherine siúcra a chur sa caifé dó.

  • Diúltaíonn sí go cruálach.

  • Téann an siúcra ar fud an bhoird.

  • Tháinig meangadh gaire ar Catherine.

An Phéist

  • Tosaíonn Paul ag ithe an cháca go deistineach.

  • Déanann sé a lán torainn.

  • Cuireann sé uafás agus déistin ar Catherine.

  • Tá an dearg-ghráin le feiceáil ina súile.

  • Insíonn sí breag eile dó - dúirt sí go raibh péist sa cháca milis agus gur baineadh plaic as.

  • D’éirigh Paul an-suaite. Tagann taom asma air arís. Shín sé a lámh i dtreo a análóra agus sceon ina shúile.

  • Bogann Catherine an t-análóir as a bhealach go gangaideach.

An Bás

  • Tá Paul ag fulaingt, ní féidir leis anáil a tharraingt.

  • Féachan Catherine air go sásta.

  • Sroicheann an scannán buaic phointe.

  • Faigheann Paul bás agus fágann Catherine an traein gan cíos, cás ná cathú uirthi.

  • Tagann an traein isteach sa stáisiún agus imíonn sé arís.

  • Baintear stangadh as an léitheoir cé chomh cruálach, míthrócaireach is atá Catherine ag deireadh an scannáin.

  • Is críoch thobannach thragóideach í.

  • Léiríonn sé na dushláin a bhíonn ag daoine faoi míchumas, agus cé chomh éasca is atá sé teacht i dtír ar dhaoine cosúil le Paul.

  • Bhí sé éasca do Catherine - d’úsáid sí cáca agus pictiúr mar uirlís bháis.

  • Is críoch éifeachtaich í mar cuireann sé an lucht féachana ag smaoineamh ar conas a chaitheann siad le daoine faoi míchumas.