Oisín i dtír na nÓg - Na Carachtair
Oisín
Cróga agus láidir
Is léir go raibh Oisín cróga agus láidir mar...
• Bhí sé ábalta an chloch a bhogadh go héasca/gan stró ar bith. Léiríonn sé seo go raibh sé cróga agus láidir ach ag an am céanna go raibh sé lách (cineálta), flaithiúil (generous) agus cabhrach mar bhí sé sásta cabhrú leis an dream marcach.
• Léirítear freisin go raibh sé dathúil agus mealltach agus é ina laoch ar mhuin chapaill bháin.
• Nuair a bhí inion an rí i ngéibheann ag Fómhar Builleach throid sé ina choinne, bhain sé a cheann de agus lig sé saor iníon rí na mBeo. Is léir go raibh sé lách, flaithiúil agus cabhrach ansin.
• D'fhill sé ar Eirinn cé gur thug Niamh trí rabhadh dó.
• Chuala Niamh scéalta faoina áilleacht agus a chrógacht nuair a bhí sí i dTir na nóg agus tháinig sí go hÉirinn chun bualadh leis. Duirt sí le Fionn (athair Oisín) go raibh sí i ngrá le hOisín agus go raibh sí ag iarraidh é a phósadh. Léiríonn sé seo go raibh sé dathúil agus mealltach freisin.
Grámhar & Brónach
• Bhí Oisín sásta dul go Tír na nóg le Niamh. Léiríonn sé seo a ghrá do Niamh ach go raibh sé lách agus flaithiúil freisin.
• Bhí saol sona acu le chéile i dTír na nóg agus rugadh triúr páisti dóibh - Fionn, Oscar agus Plúr na mBan. (Tá duine grámhar le feiceáil anseo).
• Ach bhí brón air ag fágáil a athar agus na Féinne agus tar éis na mblianta, bhraith Oisín Eire, Fionn agus na Fianna uaidh.
• Bhí grá mór aige do na Fianna: bhí brón air nuair a thug sé faoi deara go raibh siad marbh agus nuair a chonaic sé teach Fhinn agus ní raibh ann ach neantóga agus fiailí.
• Bhí sé sásta dul timpeall na tíre le Naomh Padraig mar bhí seans aige cos a leagan ar gach áit a mbíodh Fionn agus na Fianna tráth.
Niamh
Álainn
• Cuirtear íomhá os ár gcomhair de bhean óg álainn ar chapall bán.
• Bhí gruaig fhada fhionn uirthi.
• Bhí súile gorma aici.
• Bhí coróin (crown) ríoga ar a ceann.
• Bhí brat (cloak) álainn síoda (silk) uirthi.
Grámhar
• Ní raibh sí luaite le haon fhear (not promised to any man).
• Chuala sí scéalta faoi áilleacht, crógacht agus pearsantacht Oisin agus tháinig sí go hÉirinn ar chapall bán chun grá a thabhairt dó.
• Dúirt sí le Fionn go raibh sí i ngrá lena mhac Oisín agus go raibh sí ag arraidh é a phosadh.
• Chuir sí faoi gheasa é agus d'imigh sé léi go Tír na nóg.
• Posadh iad agus rugadh triúr páisti dóibh.
• Bhí saol fada sona acu lán le grá i dTír na nóg.
• Bhi drogall ar Niamh ligean dó dul ar ais go héirinn ar dtús agus sa deireadh, nuair a thug sí an capall dó, thug sí rabhadh faoi thrí dó freisin gan cos a leagan ar thalamh na hÉireann. Tá grá le feiceáil anseo mar bhi si buartha nach dtiocfadh sé ar ais go Tír na nóg.
Cliste
• Bhí cumhachtai osnádúrtha (supernatural powers) ag Niamh.
• Chuir sí Oisín faoi gheasa draíochta.
• Bhí sí ábalta an todhchaí a thuar (predict): thug sí tri rabhadh d'Oisín agus é ag filleadh ar Éirinn. Bhí drogall ar Niamh ligean dó dul ar ais go héirinn ar tús agus sa deireadh, nuair a thug sí an capall dó, thug sí rabhadh faoi thrí dó freisin gan cos a leagan ar thalamh na hÉireann. Thuig sí go maith go dtarlódh tubaiste éigin agus nach dtiocfadh sé ar ais go Tir na nóg.
Naomh Pádraig
• Seasann Naomh Pádraig don Chríostaíocht sa scéal seo.
• Cuirtear i láthair é mar dhuine deas, cairdiúil agus fáilteach. Tá tréithe na Criostaíochta le feiceáil ann.
• Bhí trua aige d'Oisín. Chuir sé fáilte roimhe agus thug sé aire mhaith dó. Is léir gur Chriostai maith é Naomh Pádraig.
• Thóg sé timpeall na hÉireann é agus mhúin sé soiscéal Dé dó.
• Bhí spéis aige na scéalta Fiannaíochta a fháil ó Oisín freisin.
Fionn Mac Cumhaill
• Ceannaire na Féinne agus athair Oisín a bhí ann.
• Ba dhuine fáilteach é. Chuir sé fáilte roimh Niamh nuair a tháinig sí go hÉirinn chun grá a thabhairt d'Oisín.
• Duine grámhar agus cosantach (protective) a bhí ann freisin - bhí grá mór aige dá mhac agus bhí brón air go raibh sé ag imeacht uaidh go Tír na nóg.
An caidreamh idir na carachtair
Tá caidreamh láidir le feiceáil idir na carachtair sa scéal, go háirithe idir Oisín agus Niamh. Thit siad go mór i ngrá agus d'imigh siad le chéile go Tír na nóg. Pósadh ann iad agus rugadh triúr páisti dóibh.
Tá caidreamh láidir le feiceáil idir Oisín agus Fionn fresin. Is léir go raibh grá láidir idir an t-athair agus a mhac agus bhí brón an domhain ar Fhionn go raibh a mhac ag imeacht uaidh go Tír na nóg.
Forbairt ar na carachtair
Déantar forbairt ar Oisín sa scéal seo. Insionn sé a scéal beatha do Naomh Pádraig - é ag bualadh le Niamh Chinn Óir, an turas go Tir na nóg, an saol a chaith sé ann, an turas ar ais go hÉirinn agus an chrioch thragóideach leis. Musclaionn an scéal seo trua i Naomh Pádraig. *Déan cur síos ar thréithe Oisín ag an tús. Fágadh é ina sheanfhear críonna dall nuair a thit sé den chapall. Bhí sé croibhriste, brónach agus uaigneach ag an deireadh. Is truamhéalach an radharc é sin.