Stádeolaiocht - Marcus Mac Conghail
Príomhphointí an dán
- Bhí an file ag stad an bhus lá amháin sa chathair.
- Bhí sé ag fanacht ar bhus.
- D’oscail sé aip ar a fhón póca.
- Bhí sé ag seiceáil amchlár an bhus ar a fhón póca cliste.
- Ach nuair a bhí sé ag féachaint ar an bhfón, tháinig an bus agus d’imigh sé.
- D’fhéach tiománaí an bhus air nuair a bhí sé ag dul thar bráid.
- Bhí sé ródhéanach an bus a stopadh.
Téama an dáin
- Baineann an dán seo le cúrsaí teicneolaíochta.
- Baineann a lán daoine úsáid as an teicneolaíocht sa lá atá inniú ann, go háirithe fóin chliste.
- Chaill an file an bus mar bhí sé róghnóthach ag féachaint ar aip ar a fhón póca. Bhí sé ag lorg clárama an bhus. Ach nuair a d’fhéach sé suas, chonaic sé an bus ag dul thar bráid.
- Léiríonn an dán go gcaithimid an iomarca ama ar an teicneolaíocht agus caillimid amach ar rudaí san fhíor-am.
- Tuigimid go mbíonn daoine áirithe gafa leis an teicneolaíocht. Caillimid amach ar rudaí nuair a bhímid ag féachaint ar ár bhfóin.
- Tá ceacht nó teachtaireacht le foghlaim ón dán greannmhar seo.
- Is é foighne téama eile atá sa dán. Nuair a bhíonn tú ag fanacht ar bhus, caithfidh tú a bheith foighneach. Caithfidh tú a bheith foighneach sa saol freisin.