Caithfidh mé a rá gur chuir teideal na haiste seo ag smaoineamh mé. Tá go leor gnéithe éagsúla ag baint le saol an duine óig sa lá atá inniu ann, ach faraor is iad na fadhbanna na rudaí is mó a sheasann amach dom agus mé ag machnamh ar an ábhar seo. Tá saol an duine óig lofa le fadhbanna inniu: brú na hArdteiste, tionchar agus brú na meán sóisialta agus fadhb an alcóil agus na ndrugaí ina measc. Is cuid mhór de shaol an duine óig iad na fadhbanna seo agus ba cheart go bpléifí iad.
Ní féidir a shéanadh ach gur fadhb mhór chasta fhorleathan é brú na hArdteiste i saol an duine óig sa lá atá inniu ann. Cuireann córas na bpointí brú millteanach ar dhaoine óga pointí arda a bhaint amach san Ardteistiméireacht chun áit a fháil ar chúrsa ollscoile. Tá iomaíocht ghéar idir daoine óga buíochas leis an gcóras seafóideach seo. Tá torthaí na hArdteistiméireachta bunaithe ar scrúdú mór amháin, ar aon lá amháin. Leis sin, tá an Ardteist dírithe ar fhoghlaim de ghlanmheabhair, seachas ar chumas an duine san ábhar.
Cruthaíonn an córas seo brú agus imní i saol an duine óig. Anuas ar an mbrú sin, tá an iomarca béime le scrúdú ag an duine óg don Ardteistiméireacht. Caithfear ar a laghad sé ábhar a dhéanamh, ach is minic a dhéantar níos mó ná an méid sin. Cuirtear pointí breise ar fáil dóibh siúd a dhéanann mata ar an ardleibhéal freisin ach in ionad daoine óga a spreagadh, cuireann an córas lochtach seo tuilleadh brú ar an duine óg. Déanann líon mór scoláirí mata ar an ardleibhéal ar mhaithe leis na pointí breise seo a thuilleamh, ach bíonn brú, strus agus iomaíocht sa bhreis i gceist leis freisin. Ní dhéanann córas na hArdteiste, agus córas na bpointí san áireamh ann, maitheas don duine óg ar chor ar bith. Níl sé go maith do mheabhairshláinte an duine óig. Ba cheart don rialtas córas nua a thabhairt isteach.
Dá mbeadh measúnú leanúnach i bhfeidhm, mar atá i dtíortha eile ar fud an domhain, ní hamháin go mbeadh níos lú brú i gceist leis an gcóras sin, ach bheadh níos mó béime ar thuiscint an ábhair agus ar thaitneamh a bhaint as. Nach é sin aidhm an oideachais i gcoitinne? Is gné mhór de shaol an duine óig é córas na hArdteiste ach níl sé ag freastal ar an duine óg mar atá. Caithfear é a leasú agus dá luaithe is ea is fearr é.
Is cuid mhór eile de shaol an duine óig iad na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann. Tá maitheas éigin leo is dócha, ach ar an drochuair tá níos mó míbhuntáistí ná buntáistí. Is foinse mór brú iad na meáin shóisialta agus an teicneolaíocht i gcoitinne i saol an duine óig.
Faoi mar is eol do chách, is fadhb mhór í an bhulaíocht ar líne sa lá atá inniu ann. Ní théann lá tharainn nach léitear teachtaireachtaí trollála ar na meáin shóisialta. Seolann bulaithe teachtaireachtaí gránna chuig daoine leochaileacha agus is daoine óga iad de ghnáth. Caithfear a rá gur mallacht uafásach ar an tsochaí é an cleachtas seo.
Tá stádas ar leith ag tionchairí i sochaí an lae inniu buíochas leis na meáin shóisialta. Tá na mílte leantóirí ag na tionchairí seo agus is daoine óga iad a gcuid leantóirí den chuid is mó. Bíonn pictiúir agus físeáin á roinnt ag na tionchairí ar na meáin, ar Instagram go háirithe, agus is minic a bhíonn margaíocht i gceist leis na postálacha seo. Ní bhíonn na híomhánna seo réalaíoch ar chor ar bith toisc na scagairí a úsáidtear go forleathan. Glactar leis an cleachtas seo, ach cruthaíonn sé rímhá imeaglach de chuma an duine agus cuireann sé brú ollmhór ar an duine óg.
Is léir ó na hailt thuas go bhfuil brú uafásach i saol an duine óig sa lá atá inniu ann. Tá níos mó brú, strus agus imní ann ná mar a bhí ar ár dtuismitheoirí nuair a bhí siad óg agus, dáiríre, ní thuigeann siad saol an duine óig inniu toisc nach raibh an taithí céanna acu.
Is minic a chasann daoine óga ar an alcól chun faoiseamh a fháil ó bhrú agus ó fhadhbanna an tsaoil. Téann siad ar ragús óil chun éalú óna gcuid fadhbanna. Ní thuigeann siad an drochthionchar atá ag an alcól ar an tsláinte: ar an gcorp agus ar an meabhairshláinte araon. Cruthaítear íomhá dhearfach, mhealltach, fhoirfe den alcól sna meáin; íomhá de dhuine óg le deoch ina lámh aige, agus téann na fógraí seo go mór i bhfeidhm ar an duine óg. Cuirtear brú piarbhrú agus brú eile an tsaoil san áireamh freisin agus, i ndáiríre, ólann daoine óga an iomarca alcóil.
Eascríonn fadhbanna eile as fadhb an alcóil agus is minic a chasann daoine óga ar dhrugaí freisin. Tosaíonn siad le drugaí boga ach uaireanta téann siad ar aghaidh go drugaí crua, cócaon agus táibléid eacstaise mar shampla. Ní thuigeann siad an dochar a dhéanann na drugaí seo don chorp agus don aigne. Bíonn drochthionchar ag an alcól agus ag na drugaí ar shaol na scoile agus ar shaol an bhaile freisin.
Ceapann daoine óga gur ag éalú ó chruatan an tsaoil atá siad, ach a mhalairt atá fíor i ndáiríre. Fáinne fí atá ann, a chruthaíonn tuilleadh fadhbanna i saol an duine óig.
Is minic a deirtear go bhfuil saol an mhadra bháin ag an duine óg ach ní léir dom go bhfuil. Tá a lán fadhbanna i saol an duine óig inniu, mar a pléadh thuas. Mar dhuine óg mé féin, tuigim na deacrachtaí seo agus an imní, an teannas agus an eagla a chruthaíonn siad.
Ba chóir dúinn níos lú brú a chur ar dhaoine óga. Caithfear iarracht a dhéanamh iad a spreagadh agus a ghríosú. Mar a deir an seanfhocal, "Mol an óige agus tiocfaidh sí," agus tá fírinne ann gan aon agó.