An Triail
Ginearálta
Oscailt
Gan amhras ar bith, tá fimíneacht agus mímhactacht le feiceáil i mbeagnach gach gné den saol mar a léirítear sa drama ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda. Is léir ó phríomheachtraí an dráma gur fimínigh amach is amach iad an chuid is mó de na carachtair. Pádraig, Bean Uí Chathasaigh agus Liam ach go háirithe.
Bhí tionchar ollmhór ag saol na seascóidí in Éirinn ar an mbealach gur imeallaigh siad Máire gan scrupall nó choinsias ar bith. Nuair a bhí Máire in am an ghátair, thug Mailí tacaíocht di agus ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar sin.
Is cás tragóideach é cás an cailín, Máire Ní Chathasaigh, sa drama seo. Bhí páiste aici le fear pósta. Dhíbhir a muintir í. Tá dearcadh fimíneach, mícharthanach an phobail i leith na máithreacha gan pósadh ann. Feicimid an contrárthacht glan atá ann idir an fíor chríostaí agus an fhimíneacht. Seasann na carachtair don bhealach a bpléann an tsochaí leis na mná seo agus dá réir le sarú na ngéiseanna.
Críoch
Mar fhocal scoir, is léir go raibh an fhimíneacht, béalchráifeacht agus an easpa Chríostaíochta le feiceáil tríd an dráma.
Níl dabht ar bith ach go raibh tionchar ollmhór ag an bhfimíneacht ar an tragóid seo. Bhí tionchar ollmhór ag fimíneachas an tsochaí ar na carachtair agus ar an gcaoí a chaith siad le Máire.
Faraor, d’fhulaing Máire go dona mar thoradh.
Shíl Máire nach raibh aon áit eile fágtha di sa sochaí sin. Mharaigh sí a leanbh agus í féin ach i mo thuairim. mharaigh Sochaí na hÉireann sna 1960í iad mar gheall ar mbealach crualach agus míthroicreach a chaith sé le máthracha singile.
Sochaí
Mhair Máire a i sochaí a bhí faoi anáil na heaglaise agus nár ghlac le máithreacha shingile, a bhí phaitriarcach. Bhí an chumhacht i lámha na bhfear. Bhí easpa measa acu do mná. Mar shampla, thug Colm ‘oinsín bhog ghéilliúil’ ar na mná tuaithe. Na raibh tuairim na gcomharasan níos tábhachtaí ná carthanacht Chríostaí freisin.
Dar leis an Eaglais, ba pheaca é gneas roimh phósadh. Nuair a d’eirigh cailín singil torrach, chaith sochaí go dona agus go míthrócaireach léi. Bhí easpa trua agus tuisceana a bhí ag teaghlach an chailín, an Eaglais, an Stát, agus an tsochaí. Bhí uafás agus alltacht ar gach duine agus dhíbir a muintir í de ghnáth.
Seasann Máire don chaoi mar a chaith gach aicme den tsochaí sna seascóidí le cailíní singile torracha. Ní bhfuair sí tacaíocht, tuiscint, trua no cabhair ó aon duine sa dráma. Nuair bhuail sí le Críostaíocht ar bith.
Chuir sé sin go mór le fulaingt Máire. Chuir sé ar a haistear í ó chailín óg, soineanta a bhí le dul sna mná rialta go máthair singil, acmhainneach a chaill gach rud agus a mharaigh a leanbh agus í féin. Ní raibh aon áit eile ag sochaí na hÉireann di. Mar sin, ní raibh rogha aici ach í féin agus an leanbh a mharú. Mharaigh sochai na hÉireann iad.
Carachtar
Máire
Bhris sí rialacha an tsochaí agus na heaglaise agus rialacha a máthair. [Bhris sí na rialacha. A té a bhriseann rialacha an chluiche, cailltear ann é (Seainín)]
D’fhulaing sí mar bhris sí na rialacha agus mar sin, tréigeadh í.
Bhí caidreamh aici le fear pósta, Pádraig. Chodail sí leis agus chreid sí a bhréaga. Dhiúltaigh sí briseadh suas leis nuair a mhol an sagart di é sin a dhéanamh. Níor glach sí comaoineach naofa mar sin.
Bhí páistea aici agus ní raibh sí pósta. Níor chuir sí an leanbh ar altram. Níor lean sí polasaí an Stáit maidir le máithreacha shingile.
D’inis sí bréaga sa chathair. Thug sí ainm bréagach. Dúirt sí go raibh sí in baintreach.
Mharaigh sí í féin agus a leanbh.
Bean Uí Cathasaigh
A clann faoi bhois an chait aici, a saol leagtha amach. Bheadh Seán ina shagart, Liam i mbun feirme agus Máire sna mná rialta.
Lean sí rialacha na h-eaglaise. Dúirt an chlann an Chorúin Mhuire gach oíche. Theip uirthi mar mháthair, thréig sí Máire. [Ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur] [i féin a tharraing an trioblóid uirthi féin]
Bhí tuairim na gcomharsan tábhachtach di. Chuir sí brú ar Mháire pósadh nó dul go Sasana. [Mé náirithe os comhair na gcomharsan] [Beimid náirithe os comhair an pharóiste]
Ba dhuine fimíneach í. [Thóg mé go creidiúnach agus go Críostúil í]
Rinne sí iarracht deireadh a chur leis an ngin.
Ceapann sí gur peaca é leanbh a bheith agat agus tú singil ach ceapann sí go bhfuil sé láncheart nuair a dhéanann sí gach iarracht an leanbh sa bhroinn a ghinmhealladh le deoch leighis. Fiú, luann sí Dia. [Ní haon peaca deireadh a chur le rud neamhblan]
Thug sí ‘striapach’ ar a h-iníon féin. [Mallach dé ort…a striapach]
Ba dhuine bréagchráifeach í.
Níor chabhraigh sí le Máire. Chaith sí go dona le máire. I súile an phobail, be bhean Chríostúil chráifeachí ach ba bhean cruálach í.
Níor ghlac sí freagracht
Míthuiscneach
Leithleasach
Suarach
Coimeádach
Míthrocaireach
Pádraig
Is é Pádraig údar gach olc i saol Mháire. Cuireann sé tús le haistear Mháire go fulaingt agus bás.
Bhuail sé Pádraig le Máire ag an rince agus léirigh sé an-suim i Máire, go háirithe nuair a dúirt sí go mbeidh sí ‘ag dul isteach sna mná rialta’.
Tuigeann Pádraig go bhfuil Máire go hiomlán faoi smácht a máthair ‘cailín óg agus gan taithí aici ar rincí’.
Tá a fhios aige go bhfuil Máire go hiomlán neamhurchóideach agus soinneanta, ach ba chuma leis.
Déanann sé iarracht í a mhealladh. Is plámásaí é. [An bhfaigheann tú an chumhracht san aer]
Tar éis é sin, d’inis Pádraig di go bhfuil bean chéile tinn aige. Is é sin a chéad sampla dá mhímhacántacht uafásach.
Thosaigh sé caidreamh rúnda le Máire.
Tuigeann sé go bhfuil sé ag tarraingt trioblóide uirthi agus ar a teaghlach, ach níl uaidh ach a mhianta féin a shásamh.
Ag deireadh dhiúltaigh sé féachaint ar leanbh Mháire. Glaoigh sé ‘striapach’ ar Mháire.
Ní ghlacann sé le haon phíosa den mhilleán cé gur thosaigh sé na trioblóidí go léir ó thosach an scéil.
Léiríonn ghníómhachtaí an fimíneachas agus mí mhacanta an tsochai.
Seán
Is duine fimíneacht amach is amach é Seán.
Sceith sé ar Mháire go héasca nuair a bhí sí ag bualadh le Pádraig san oíche agus nach raibh sí ag dul go faoistín.
Ach níor sceith sé ar Liam a bhí ag éalú amach an fhuinneog chun bualadh le Beití de Burca. Anuas air sin, bhí sé ag cabhrú le Liam mar d’fháfg sé an fhinneog ar oscailt dó.
Léiríonn sé in an dá chaighdeán a bhí ann do mná agus do fhir sa sochaí sin. Cé go raibh Liam ag bualadh le cailín lasmuigh de phosadh, ba chuma le Seán, ní fhaca sé aon fhadhb. Ach, nuair a thosaigh Máire ag déanamh an rud céanna, sceith sé go héasca uirthi.
Is dócha gur feidir linn cuid den mhilleán a chur ar Sheán mar sin.
Tá sé báite i bhféintrua i ndeireadh an dráma. ach níl aiféala ar bit air nár chabhraigh sé le Mháire.
Cé go raibh sé le bheith ina shagart, níor thaispeáin sé catharnacht Críostaí nó trocaire do Mháire. Is duine fimíneacht é gan dabht mar chaith sé go míchríostúil agus go míthrocaireacht le Máire mar gheall ar an gcaoi a chaith an tsochaí an am le máithreacha singile ag an am.